Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/145

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Bé an tSiopa Seandaċta

Nuair a ḃí Peadar Ó Doṁnaill (go ndéanaiḋ Dia trócaire air) i mBaile Áṫa Cliaṫ anuraiḋ, ḃíoḋ seómra lom aige i Sráid na Life le uair nó ḋó a ċaiṫeaṁ ann tráṫ a mbíoḋ an tsaoire ḃeag aige. Ní ann a ċodluiġeaḋ sé, aċt ḃí sé an-áiseaṁail aige áit dá ṡórt ḃeiṫ aige le litreaċa a sgríoḃaḋ ann, nó píopa tobac féin a ċaiṫeaṁ i ḃfoċair seanċarad. Is minic a ċuireaḋ sé aċar maiṫ ḋe ag an ḃfuinneóig ag féaċaint anuas uaiḋ ar na daoine ag gaḃáil ṫart ar an tsráid, agus ċuir sé aiṫne súl ar a lán díḃ. Aċt ní raiḃ ḟios aige go ceann i ḃfad go raiḃ beirt ann ċuir aiṫne súl air féin, agus a ċuir spéis ṁór n-a imṫeaċtaiḃ. Ní hé an fáṫ céadna ḃí ag an mbeirt seo an oiread sin áird ḃeiṫ aca ar Ṗeadar— aċt ċiḋfear sin ó’n sgéal.

Díreaċ ar aġaiḋ an tiġe a raiḃ an seómra ag Peadar ann, ḃí siopa beag seandaċta. Ṡílṫeá go raiḃ seanearraiḋe agus iarsmaí na caṫraċ bailiġṫe ann. Ḃí an ḟuinneóg lán díḃ: seanġunnaí de’n uile ḋéanaṁ nár ċaiṫ urċar le céad bliaḋain; claiḋṁte meirgeaċa ó aimsir na Pairliméide; leaḃair do sgríoḃaḋ agus do bualaḋ aċt nár léiġeaḋ ariaṁ; pictiúirí agus grafaí idir olc, maiṫ agus dona; gréiṫre agus gloiní as ar ólaḋ aimsir na mboc agus

na sgafairí; íoṁaiġ, idir íoṁaiġ práis agus ċruaiċ

K
129