Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

RÉMHRÁDH.

I.

An aiste filidheachta atá i gcló annso, níl ann acht aistriú ar aistriú. Sa Pheirsis a ceapadh ar dtúis é, agus d'aistrigheadh as san go Béarla é. Agus is ón mBéarla san do deineadh an t-aistriú atá annso.

Omár an t-ainm a bhí ar an bhfile a chéadcheap é. Omár Caiiám a tugtaí air coitchianta. Cialluighean an focal Caiiám "puibleóir" nó "fear puball do dhéanamh," agus deirtar gur chaith Omár tamall dá shaoghal leis an gcéird sin, nó gur bhé ba chéird dá athair.

Rugadh Omár ag Naíseápúr; baile mór ata i ndúthaigh Chorassán i dtír na Peirse. Ní fios cadé an bhliadhain n-a rugadh é, acht gur thárla leathstigh de leath deiridh an t-aonmhadh aois déag. Agus fuair sé bás leathstigh de chéad cheathramhadh an dara aois déag, tuairim is bliadhain a 1123.

Is ró bheag an t-eólus atá againn ar chúrsaí saoghail Omár. Tír chomhachtach do b'eadh an Pheirse abhfad sara rugadh an file seo innti. Bhí lucht léighinn is foghluma go flúirseach innti. Garsún le hinntleacht is le meabhair chinn thar an gcoitchiantacht do b'eadh Omár, agus bhí an t-anadhúil sa bhfoghluim aige. Ní

1