Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

XXXII. Mise agus tusa .i. beith no pearsantacht éigin ionroinnte a bheadh contrártha don iomlán.

XXXIII. A tréad .i. na réilthíní.

XXXIX. An braon a doirtear. Nós atá aca sa Domhan Thoir .i. beagán den bhfíon do dhortadh ar an dtalamh sara n-óltar an gloine.

XLI. Caingne .i. cúiseanna nó ceisteanna.

XLV. Ferráis .i. seirbhíseach, fear puible do chur suas.

XLVI. An Sáicí .i. an té bhíonn ag roinnt na dighe.

XLVIII. An cró nach náid .i. an Tigh is neamhní

L. Aon beageóil .i. rud suarach. Alif .i. Ailm, ainm an chéad litir dhen aibghitir, an focal atá ag Omár annsan.

LI. O mháh go máhí .i. ón iasc go dtí an ghealach.

LII. Théacht .i. ón dtéachtadh.

LVII. An .i. uasal.

LIX. An dathad trodhbhuidhean, etc. Is dóigh lena lán san Domhan Thoir gur dhá chreideamh dhéag ar thrí fichid ata san domhan ar fad. Creideamh Mhahomit orthasan, do réir cuid dá n-ughdaraibh; gan é ortha do réir tuilleadh aca.

LX. Táin na duibheachta .i. Tagairt do mhuinntir ghuirm na hIndia gur chuir Mahmúd féna smacht iad.

LXI. Lathartach .i. lacht, nó lionn.

32