XXX.
Cadé an nídh le fonn anall gan chuire do ghread? 'S arís mar shamhail anonn gan chuire d'imtheacht! Is 'mdhó san gloine gan chead den bhfíon so is call Chun cuimhne an leamhais do scannradh i bhfliuchra amach!
XXXI.
O lár na cruinne do lingeas an geata thuas, Is tráth do thugas ar mhullaighthibh Shathuirn duairc; Do scaoileas ceasta cruaidhe, mar ráinig dham; Acht tásc an Duine is an Chinneamhain — d'aistrigh uaim.
XXXII.
Bé sin an dorus is a eochair im ghreim níor fhan: Bé sin an cochal a dhfholuigh óm radharc gach cleas: Mise agus tusa, agus seal d'ár dteist ar clos; 'S annsan sin mise agus tusa go deimhin ar ceal.
XXXIII.
A oscailt sin féach nár fhéad an talamh; ná an mhuir Atá dochraideach déarach t'réis a flatha 's í i mboird; Ná spéir an chreasa, ar shon gur foluighthe a tréad Fé sholus an lae, 's gur léir a n-amharc sa dubh.
XXXIV.
D'aitcheas go tréan an té seo ionnamsa, leathstall Den bhratach dhoiléir, ag éileamh sholuis im chall Mar stiúir san doircheacht ann, 's níor airigh mé séad
Acht seanchas béil fé "an té seo ionnatsa 's é dall"!
14