Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
34
NIAṀ

caḃair ná congnaṁ ó aon ríġ cúige eile. Siné atá ag briseaḋ mo ċroíḋe ionam, a Ṫiġearna Easboig. Ní ḟéadaim ċoíḋċe a ċur ḟiaċaiḃ ar aon ríġ cúige caḃruġaḋ liom i gcoinniḃ na Loċlanaċ gan gaḃáil go maiṫ ar an ríġ cúige sin féin ar dtúis. B'éigean dom gaḃáil ar Ṁaolmuaiḋ, ar ríġ Ua Neaṫaċ. Ansan b'éigean dom gaḃáil ar Ḋóṁnall, ríġ na nDéise. Ansan b'éigean dom éirleaċ uaṫḃásaċ a ḋéanaṁ ar Loċlanaċaiḃ Áṫa Cliaṫ agus ar Ġaeḋlaiḃ Laiġean, agus ar ċuid de Ġaeḋlaiḃ Muṁan leó, i nGleann Ṁáma. Tá Leaṫ Ṁoġa fé m' láiṁ anois agam, idir Ġaeḋlaiḃ agus Loċlanaiġ. Tá an méid sin de ṫír na h-Éirean sáṁ, síṫċánta, socair. An Eaglais ar a suaiṁneas. Na sgoileana ar siúḃal. An talaṁ d'á ṡaoṫruġaḋ. Luċt ceárd agus ealaḋan ag obair gan eagla. Luċt foġla iompuiġṫe ar ṁacántaċt mar go dtuigid siad 'n-a n-aigne gur b'í an ṁacántaċt is fearr agus is torṫaṁla agus is raṫṁaire. Aċ feuċ, a Ṫiġearna Easboig. Ní'l ann go léir aċ mar a ḃéaḋ lá breaġ saṁraiḋ ansan a ḃéaḋ go h-áluinn agus go grianṁar agus go broṫalaċ agus ná feadair aoinne cad é an neómat a ḋ'iompóċ' sé ċun splancraċa agus ċun tóirṫniġe agus ċun éirliġ. Ní ṫuigid na daoine an sgéal. Tuigim-se é. Is cuma leó, na daoine boċta, aċ an tsíṫċáin agus an suaiṁneas do ṡealḃuġaḋ go sáṁ an ḟaid a fágfar acu an tsíṫċáin agus an suaiṁneas.”

“Naċ mór an truaġ, a ríġ,” arsa'n t-Easbog, “gan rud éigin a ḋéanaṁ do ṫaḃarfaḋ síṫċáin ṡeasaṁaċ dos na daoine? Dá dtuigeaḋ daoine i gceart tairḃṫe na síṫċána ba ċóir go ndéarfaidís leó féin go gcuirfidís i n-áiriġṫe ḋóiḃ féin í ar ais nó ar éigin. Tá síṫċáin curṫa i ḃfeiḋm agat-sa anois, a ríġ, sa taoḃ so ṫeas d'oileán na h-Éirean. Nár ċóir go ndéanfaḋ an t-Árdríġ an tsíṫċáin ċéadna do ċur i ḃfeiḋm sa taoḃ ṫuaiḋ de'n oileán?”

“Ba ċóir, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Brian. “Fear