Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/360

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
356
NIAṀ

Ḋeineas ar an gcuma san í. Ġaḃas orm féin i láṫair Dé ceangal gan céile eile do ġlacaḋ ċoíḋċe aċ an Slánuiġ- ṫeóir, molaḋ go deó leis! Siné mo ċuid-se de 'n íḋbirt, a Aṫair. Tá an ceangal san orm. Ní ḟéadfainn imṫeaċt ó m' aṫair an ḟaid a ḃí sé beó. Ní'l aon rud anois ċun mé ċosg ar ḋul isteaċ i dteiġlaċ ban riaġalta agus an íḋbirt do ċur i ngníoṁ.”

“I dtreó ná béaḋ aon ḃaoġal go ndéanfaí aon dearṁad, a 'nġean ó,” arsa Colla, “ba ṁaiṫ liom aon ċeist aṁáin eile do ċur.”

“Cuir aon ċeist is maiṫ leat ċúġam, a Aṫair,” arsa Niaṁ, “agus neósfad an ḟírinne ḋuit.”

“Nuair a ḋeinis an íḋbirt sin; nuair a ṫugais tu féin suas mar sin do'n tSlánuiġṫeóir, an dóiċ leat a' raiḃ aon éileaṁ ag aoinne eile ort?”

“Ní raiḃ, a Aṫair,” ar sise, “aon éileaṁ ag aoinne eile, ná ní'l anois.” Do stad sí. — “Aċ is dóċa,” ar sise, “gur ceart dom an méid seo a ḋ'innsint duit. Is cuiṁin leat an t-ógánaċ Loċlanaċ úd a ṫáinig anso fadó, nuair a ḃí mo ḋriṫáir Taḋg anso?”

“Is cuiṁin liom é go maiṫ,” arsa Colla.

“Ċuaiḋ sé suas go h-Uíḃ Máine i n-aonḟeaċt le Taḋg. An ċéad uair a ċonac é ṫáinig ana ċion agam air. Ṫáinig gráḋ agam dó. Siní an ḟírinne. Ṫuigeas am' aigne go dtáinig an gráḋ céadna aige-sean dóṁ-sa. Níor laḃramair. Aċ do tuigeaḋ an sgéal eadrainn. — Nuair a ṫáinig an sgéal go raiḃ sé ag glacaḋ an Ċreidiṁ ḃí áṫas mór orm. Ansan, nuair a ṫáinig an sgéal go raiḃ sé ċun ḃeiṫ 'n-a ṡagart, níor ḃ'ḟéidir liom an sgéal a ṫuisgint i n-aon ċor. B'é deire mo ṁaċtnaiṁ ar an ngnó gur ṫuigeas am' aigne go raiḃ ceangailte orm é ċur as mo ċroiḋe ar fad. Do ḋeineas san. — Ní raiḃ aon ḃaint i n-aon ċor, a Aṫair, ag an méid sin sgéil leis an gceangal so adeirim leat do ġlacas orm féin i dtaoḃ an tSlánuiġṫeóra.”