Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/242

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
232
Caib. IV. 7
EÓIN

Íosa tuirseach ó’n mbóthar agus do shuidh sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an sémhadh h-uair ab eadh é. 7Agus tháinig bean ó Shamaria a d’iarraidh uisge. 8Dubhairt Íosa léi: Tabhair dhom deoch. Óir bhí a dheisgiobuil imthighthe isteach sa chathair ag ceannach bídh. 9Agus dubhairt an bhean leis: Conus is féidir duit-se, agus gur Iúdach tu, deoch a dh’iarraidh orm-sa, agus gur bean Shamaritánach mé? Ní dheinid Iúdaigh agus Samaritánaigh cómharsanacht eatartha féin. 10D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: Dá mb’eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh’iarrfadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge beó. 11Dubhairt an bhean leis: A uasail, ní’l nídh agat chun an uisge thógaint aníos, agus tá an tobar doimhinn; cá bhfuil an t-uisge beó le fághail agat? 12An amhlaidh is mó thu ’ná ár n-athair Iácób a thug dúinn an tobar so, agus gur ól se féin as, agus a chlann, agus a áirnéis? 13D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: An t-é a dh’ólfaidh an t-uisge seo beidh tart airís air; ach an t-é a dh’ólfaidh an t-uisge a thabharfad-sa dhó, ní bheidh tart go deó airís air; 14Ach an t-uisge a thabharfad dó déanfaidh tobar uisge dhé istigh ann, ag fiaradh chun beatha síoruidhe. 15Dubhairt an bhean leis: A Thighearna, tabhair dómh-sa an t-uisge sin, i dtreó ná beidh tart orm agus ná bead ag teacht anso a d’iarraidh uisge. 16Dubhairt Íosa léi: Imthigh agus glaoidh ar t’fhear, agus fill anso. 17D’fhreagair an bhean agus dubhairt sí: Ní’l aon fhear agam. Dubhairt Íosa léi: Dubhraís go maith é, Ní’l aon fhear agam; 18Óir do bhí cúigear fear agat, agus an t-é atá anois agat ní h-é t’fhear-sa é. D’innsis an fhírinne sa méid sin. 19Dubhairt an bhean leis: A uasail, chím gur fáidh tu. 20Is ar an gcnoc so a dhein ar sínsear-ne Dia d’adhradh, agus dar libh-se[1] is i n-Ierúsalem atá an áit ’n-ar ceart Dia d’adhradh.[* 1] 21Dubhairt Íosa léi: A bhean, creid-se uaim-se go bhfuil an t-am ag teacht

  1. Deut. xii. 5.
  1. Ver. 20. “an cnoc so,” .i. Garisim, mar a dteampal siosmach ag na Samaritánaigh.