Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/240

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
230
Caib. III. 16
EÓIN

16[1]Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann, ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige. 17Mar ní chun go dtabharfadh sé breith ar an saoghal a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saoghal, ach chun go ndéanfaí an saoghal do shaoradh tríd. 18An t-é a chreideann ann, ní tugtar breith air; ach an t-é ná creideann, tá breith tabhartha air cheana féin, toisg nár chreid sé i n-ainim Mhic Dé, an t-Aon Ghein.[* 1] 19Agus sidí an bhreith, [2]go dtáinig an solus ar an saoghal agus gur ghlac na daoine an doircheacht mar rogha roimis an solus, toisg a ngníomhartha bheith go h-olc.[* 2] 20Óir, gach aoinne a bhíonn ag déanamh an uilc bíonn fuath aige do’n tsolus, agus ní thagann sé chun an tsoluis le h-eagla go gcáinfí a ghníomhartha. 21Ach an t-é a dheineann gníomh na fírinne tagann sé chun an tsoluis, i dtreó go dtaisbeánfaí a ghníomhartha, óir is i nDia a deineadh iad.[* 3]


22Ansan do tháinig Íosa agus a dheisgiobuil isteach i dtalamh Iúdaéa agus bí sé ’n-a chómhnuighe ann mar aon leó agus [3]ag déanamh baiste. 23Agus bhí Eóin ag baisteadh na ndaoine i n-Aennon i n-aice Shalim, mar bhí cothrom uisge ann, agus thagadh na daoine ann agus do baistí iad. 24Óir bhí Eóin fós gan cur isteach sa phríosún.

25Agus d’eirigh aighneas idir dheisgiobuil le h-Eóin agus na Iúdaigh i dtaobh nígheacháin. 26Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad’ fhochair-se lastall de’n Iórdan[4] agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall

  1. 1 Eóin iv. 9.
  2. Supra i. 9.
  3. Infra iv. 1, 2.
  4. Supra i. 19.
  1. Ver. 18. “Ní tugtar breith air.” An t-é a chreideann, .i. le creideamh a dh’oibirigheann tré ghrádh, ní tugtar breith air, .i. ní daortar é. Ach an díchreidmheach ceanntréan, tugtar breith air, .i. tá sé daor cheana féin toisg go bhfuil sé tar éis é féin do ghearradh amach ó chómhluadar Chríost agus na h-Eagailse.
  2. Ver. 19. “an bhreith.” .i. cúis a dhaortha.
  3. Ver. 21. “an t-é a dheineann fírinne,” .i. an t-é a dheineann do réir fírinne, .i. do réir dlighe Dé.“ Is fírinne do dhlígh.” Salm cxviii. 142.