Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/180

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
170
Caib. IX. 33
LÚCÁS

theannta. 33Agus do thárla, nuair a bhíodar ag imtheacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias; agus gan a fhios aige cad a bhí aige dh’á rádh. 34Agus an fhaid a bhí sé ag rádh an méid sin tháinig sgamall agus do chlúdaigh sé iad, agus tháinig eagal ortha nuair a bhíodar ag dul isteach sa sgamall. 35Agus do labhair guth as an sgamall agus dubhairt: [1]Isé seo mo Mhac dílis-se; deinidh éisteacht leis. 36Agus le linn an ghutha do labhairt do fuaradh Íosa i n’aonar. Agus bhíodar-san ciúin, agus níor innseadar d’aoinne ins na laethanta san aon nídh de sna neithibh a chonacadar.

37Agus do thárla, an lá ’n-a dhiaidh san, ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh, gur bhuail sluagh mhór uime. 38Agus féach, do labhair duine de’n tsluagh amach agus dubhairt sé: A Mháighistir, guidhim thú, féach ar mo mhac, mar ní’l agam ach é; 39Agus féach, beireann an deamhan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé ’ghá leagadh agus ’ghá stracadh as a chéile, agus cúbhar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis ach ’ghá stracadh. 40Agus d’iarras ar do dheisgiobuil é chur amach, agus do theip sé ortha. 41Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht chlaon gan creideamh, an fada a bheidh mé eadraibh ag cur suas libh? Tabhair anso do mhac. 42Agus nuair a bhí sé ag teacht do leag an deamhan é, agus bhí sé ’ghá stracadh. 43Agus do smachtuigh Íosa an deamhan truaillighthe, agus do leighis sé an buachaill, agus thug sé d’á athair é. 44Agus bhí uathbhás ar na daoine go léir tré mhór-chómhacht Dé. Agus nuair a bhíodar go léir ag déanamh iongna de sna gníomhartha a bhí aige ’á dhéanamh, dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Coimeádaidh-se cuimhne ar an gcaint sin i nbhúr gcroidhe: óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.

45Agus níor thuigeadar brígh na cainte sin, agus bhí an brígh i bhfolach uatha, ionus ná mothóchaidís é; agus níor leig eagla dhóibh é cheistiú i dtaobh na cainte sin.

  1. 2 Pead. i. 17.