Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/155

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
Caib. II. 36
145
LÚCÁS

tré t’anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as mórán croidhthe.

36Agus ban-fháidh dob’ eadh Anna inghean Phanuéil, de threibh Aser, agus bhí sí tar éis mórán laethanta chur di, agus bhí sí tar éis seacht mbliana ó n‑a h‑óige do chaitheamh agá fear, 37Agus bhí sí sin ’n‑a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhágadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n‑onóir do Dhia do ló agus d’oidhche. 38Agus tháinig sí sin do láthair an uair chéadna, agus d’admhuigh sí an Tighearna agus do labhair sí ’n‑a thaobh le gach duine a bhí ag súil le fuasgailt Israéil.

39Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadar go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.


40Agus d’fhás an mac agus do neartuigh sé, lán d’eagna, agus bhí grásta Dé ann.

41Agus do théigheadh a mhuintir go Ierúsalem gach bliain uim fhéile na Cásga. 42Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem do réir ghnáis na féile, 43Agus nuair a bhí na laethanta caithte agus iad ag filleadh d’fhan an mac, Íosa, i n‑Ierúsalem, agus ní raibh a fhios san agá mhuintir. 44Cheapadar go raibh sé ameasg na ndaoine, agus thánadar siubhal aon lae ar aghaidh, agus bhíodar ’ghá lorg ameasg a ngaolta agus a lucht aithne, 45Ach ní bhfuaradar é, agus d’fhilleadar go Ierúsalem, ’ghá lorg. 46Agus do thárla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampul ’n‑a shuidhe ameasg na n‑ollamh, ag éisteacht leó agus ’ghá gceisdiú. 47Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé. 48Agus bhí iongna ortha-san nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t’athair agus mise go buartha ar do lorg. 49Agus dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh ’fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhaineann le m’Athair? 50Agus níor thuigeadar-san an focal a labhair sé leó. 51Agus d’fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh.