Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/139

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
129
 

35Agus d’imthigh sé tamall uatha, agus thuit sé anuas ar an dtalamh, agus ghuidh sé go ngeobhadh an uair thairis dá mb’fhéidir é. 36Agus dubhairt sé: Abba, a Athair, tá gach nídh ar do chumas; cuir an chailís seo i leith taoibh uaim; ná deintear ámhthach, an nídh is toil liom-sa, ach an nídh is toil leat-sa. 37Agus tháinig sé agus fuair sé ’n‑a g‑codladh iad. Agus dubhairt sé le Peadar: A Shímóin, an ad’ chodladh ataoí? Nár fhéadais faire dhéanamh ar feadh aon uaire amháin? 38Déinidh faire agus guidhe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, is fíor, ach tá an fheóil lag.39Agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé an guidhe céadna ins na focalaibh céadna. 40Agus tháinig sé an tarna h‑uair agus fuair sé ’n‑a gcodladh iad, (óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh), agus ní fheadradar cad é an freagra thabharfaidís air. 41Agus tháinig sé an trímhadh h‑uair agus dubhairt sé leó: Deinidh codladh anois agus suaimhneas. Ní beag é: tá an uair tagaithe; féach, tabharfar Mac an Duine ar lámhaibh na bpeacach. 42Eirighidh, téanaídh; féach, tá i bhfogus dúinn an fear a bhrathfaidh mé.

43Le linn na bhfocal a rádh dhó, tháinig Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, agus sluagh mhór i n‑aonfheacht leis, ó uachtaránaibh na sagart agus ó sna Sgríbhneóirí agus ó sna seanóirí, agus bhí claidhmhte agus bataí acu. 44Agus bhí cómhartha tabhartha aige-sean dóibh, mar dubhairt sé: An t‑é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; beiridh air agus tugaidh libh é go h‑aireach. 45Agus nuair a tháinig sé do dhein sé air isteach agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear dhuit, a Mháighistir, agus thug sé póg dó. 46Agus ghreamuigheadar-san a lámha air, agus choimeádadar é. 47Agus tharaing duine d’á raibh láithreach claidheamh, agus bhuail sé seirbhíseach an árdṡagairt agus bhain sé an chluas de.48Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé: An dtánabhair amach, agus claidhmhte agus bataí agaibh, chun beirthe orm mar a thiocfadh sibh cun beirthe ar bhitheamhnach? 49Bhíos gach lá i nbhúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugabhair orm. Ach is chun an sgriptiúra