chuir sé ’n‑a sheasamh é i lár baill eatartha; ansan do thóg sé an leanbh i n‑a ucht agus dubhairt sé leó: 36An t‑é a ghlacfaidh am’ ainim-se leanbh mar an leanbh so, is mise a ghlacann sé; agus an t‑é a ghlacfaidh mise, ní mise a ghlacann sé, ach an t‑é a chuir uaidh mé.
37Agus d’fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair é. 38Agus dubhairt Íosa [leis]: Ná coisgidh é; [1]mar ní’l aon duine a dhéanfadh mírbhuilt am’ ainim-se agus a dh’fhéadfadh droch-fhocal a rádh orm go luath. 39Óir, an t‑é ná fuil i nbhúr gconnibh tá sé libh.
40Óir, aoinne thabharfaidh le n‑ól daoibh, am’ ainim-se, ó’s le Críost sibh, fiú cupán uisge, go deimhin a deirim libh, ní bheidh sé gan a thuarasdal. 41Agus aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige.
42Agus má thugann do lámh sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh ’ná dul, agus dhá láimh ort, isteach i n‑ifreann, sa teine nách féidir a mhúchadh, 43An áit ná h‑éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 44Agus má thugann do chos sgannal duit, dein í ghearradh dhíot; is maith an rud dul go beatha shíoruidhe agus tu bacach, seachas tu chur go h‑ifreann na teine gan múchadh, agus do dhá chois agat, 45[2]An áit ná h‑éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 46Agus má thugann do shúil sgannal duit, strac amach í; is maith an mhaise dhuit dul go flathas Dé ar leath-shúil seachas tu chur go h‑ifreann na teine, agus dá shúil ionat, 47An áit ná h‑éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 48[3]Óir sáilfar gach n‑aon le teine, agus sáilfar gach ídhbirt le salann. 49Is maith an rud salann; ach má bhíonn an salann leamh cad leis go ndéanfaidh sibh deighbhlasta é? Bíodh an salann ionaibh, agus bíodh an tsíothcháin eadraibh.