Page:Mo sgeal fein.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
57
Trí liathróidí dubha

shocaruigh m’ athair ar mé chur ar sgoil síos go Maghchromtha, ar feadh tamaill ar aon chuma. Ba ró dheacair dó é dhéanamh. Bhíos díreach ag tosnughadh ar bheith ábalta ar raint oibre dhéanamh, agus bhí gádh leis an gcongnamh aige d’á shuaraighe é. Ach bhí an dúil sa léighean aige féin riamh, agus theastuigh uaidh raint éigin de a thabhairt d’á mhac, pé cuma ’n‑a dtiocfadh sé air.

Bhíos i Maghchromtha go minic roimis sin. Is cuimhin liom go rabhas ann tamall maith roimis sin, agus go rabhas am’ sheasamh ag ceann an drochaid, ag bun Bhóthar na Sop. Bhíos ag féachaint anonn ar na gcaisleán atá thall ag an gceann eile de’n drochad. Chonac, ar aghaidh an chaisleáin amach, ar an dtaobh thoir de’n tsráid bheag ar a dtugtar Sráid an Chaisleáin, tigh éigin mór agus fallaí árda daingeana ’n‑a thímpal, agus trí slata caola árda ’n‑a seasamh anáirde as, agus mar bhéadh liathróidín dubh anáirde ar fad ar bhara gach slaite acu. Ní raibh aon phioc d’á fhios agam an uair sin cad é an brígh a bhí leis na slataibh sin agus na liathróidí beaga anáirde ortha. Abhfad ’n‑a dhiaigh san iseadh do h‑innseadh dom gur sparaí iarainn gur bh’ eadh na slata san, agus gur trí plaoisgeana gur bh’ eadh na trí liathróidí beaga. B’shiniad trí cinn na bhfear a crochadh mar gheall ar Mh’leachlainn na Dúbhgáin. Cárthaigh ab eadh iad, agus triúr drithár ab eadh iad, Cormac agus Ceallachán agus Tadhg. Do chuir Malachi fheuchaint ar Chormac Bob Hutchinson do lámhach. Ansan do dhearbhuigh sé ar Chormac. Ansan bhí eagal air go ndéanfadh duine éigin de’n bheirt drithár díoghaltas air féin mar gheall ar an ndearbhughadh, agus isé rud a dhein sé ’ná dearbhughadh ar an dtriúr i n‑aonfheacht. Do crochadh an