Page:Mo sgeal fein.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
17
RÓGAIRÍ

ag aoinne seachas a chéile chun an tSeana Mhacha, mar níor bh’ fhiú aon rud é. Bhí daoine ’n-a gcómhnuighe i dtigh a bhí lastiar d’ár dtigh-ne. De mhuíntir Iarlaithe ab eadh iad. Bhíodh géana mhuíntir Iarlaithe ar an Seana Mhacha go minic. Bhí ar na géanaibh sin gandal mór bán, “sgafaire gléigeal gandail,” agus ní raibh an beithigheach allta san le fághail, sa n-Aifric theas ná ins na h-Indiathaibh thoir ná i n-aon pháirt eile de’n domhan, a dh’fhéadfadh sgannradh do chur i gcroídhe aon duine mar an sgrannradh do chuireadh an rógaire gandail sin am’ chroidhe-se an uair sin. Nuair a thagainn go cúinne na h-iothlann agus nuair a chínn na géana ar an Seana Mhacha, do rithinn thar n-ais chómh géar agus do ruithfeadh duine ó león buidhe nó ó león breac. Dá mbéad na géana abhfad suas uaim d’fhanfainn tamall, b’fhéidir, ag féachaint ortha, ach bhíodh mo cheann cromtha agam agus mé ar sgáth na caraige sar a’ bhfeicfeadh an gandal mé. Uaireanta bhíodh radharc maith agam air agus gan aon radharc aige orm. Níor bh’ iongnadh an sgannradh. Nuair a thógadh sé a cheann agus sheasuigheadh sé suas díreach, bhíodh sé níob’ aoirde go mór ’ná mise. Do thuiginn uaireanta go bhfeiceadh sé mé go maith, ach go mbíodh an bitheamhnach ’á leigint air ná feiceadh. Bhíodh a cheann cromtha aige agus é ag piocadh an fhéir ghlais, ach bhíodh ’fhios agam-sa go maith gur ag faire orm a bhíodh sé, agus ag féitheamh féachaint an raghainn amach ar an Seana Mhacha, i dtreó go sínfeadh sé a mhuineál fada bán agus go ruithfeadh sé chúgham chun mé dh’ithe. Do chuadhas amach ar an Seana Mhacha aon uair amháin nuair a mheasas ná raibh sé féin ná na géana ann i n-aon chor. Bhíodar ann a gan fhios dom. Níor thugas aon rud fé ndeara go dtí go bhfeaca chúgham é, agus