Page:Mo sgeal fein.djvu/172

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus tháinig machtnamh dom. Chómh luath agus d’fhéadas é do ghlacas caoi ar labhairt leis an sagart paróiste i dtaobh an mhachtnamh a bhí am’ aigne.

“A leithéid seo, a Athair,” arsa mise leis. “Tá raint buachaillí tagaithe anso am’ dhiaigh. Bhíos ’ghá múineadh i Maghchromtha agus i Ráth Chormaic. Ní raibh aon trácht riamh eadrainn ar aon airgead, nídh nár bh’ iongnadh. Ní foláir an múineadh a gheóbhaid siad anso do thabhairt dóibh i n-aisge, fé mar a bhíodar ’ghá fhághail i Ráth Chormaic agus i Maghchromtha.”

Do chroth sé a cheann.

“Ó,” ar seisean, “ní dhéanfadh san an gnó i n-aon chor! Caithfid siad díol anso ar nós gach sgoláire eile d’á bhfuil ag teacht chun na sgoile.”

Do stadas, agus admhuighim gur choruigh mo chuid fola. Dhéanfainn sgéal ana ghairid dó dhé mura mbéadh aon nídh amháin. Mura mbéadh an t-aon nídh amháin sin déarfainn leis mar seo: “Má ’sí sin aigne atá agat i dtaobh na sgoile seo, caithfir duine éigin eile do sholáthar chun na sgoile do mhúineadh.” Ní dúbhart an chaint sin. Choimeádas istigh í. Chuireas srian leis an bhfeirg. Nuair a bhí mo lámh daingean agam ar an sriain do labhras mar seo.

“Tá go maith, a Athair,” arsa mise, “ach ó ’sé an t-Easbog a chuir mise anso, caithfidh an t-Easbog an puínte seo do shocarughadh eadrainn.”

Nuair a tháinig an t-Easbog do h-innseadh an sgéal dó. Dúbhairt sé láithreach go raibh an ceart agam-sa.

Déarfaidh duine, b’fhéidir, “Cad ’n-a thaobh nár eirighis as an obair láithreach nuair a h-iaraidh ort an bheart spriúnlaithe sin do dhéanamh?”

Neósfad-sa san duit. D’innseas cheana conus mar a bhí an leabharlann i gCill Úird fé chomairce