Page:Mac-ghníomhartha Bhriain - Ua Concheanainn.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

8

Ċaiṫ na feara go léir uaṫa na meadair, agus i n-a n-áit fuaireadar a gcuid claiḋṁṫe ⁊ a gcuid sgiaṫ, ⁊ d’iarruiġeadar ar Ḃrian ḃeiṫ mar ṫaoiseaċ orṫa ⁊ iad a stiúraḋ ar ḃuaile an ċaṫa.

’Sé seo an ċaoi ar ṫosuiġ an caṫ mór i n-aġaiḋ na Loċlannaċ, ⁊ b’éigin do Ṁaṫġaṁain féin dul le n-a ṫreiḃ ⁊ le n-a ṁuinntir isteaċ i bpáirc an ḃuailte. Aċt ḃí Brian i gcoṁnuiḋe i dtosaċ nó i n-éadan an ċaṫa, ḋ’á stiúraḋ ⁊ ag taḃairt misniġ ḋóiḃ, ⁊ fá ḋeireaḋ, nuair cailleaḋ Maṫġaṁain, ’sé Brian ⁊ ní duine ar biṫ eile de Ċlainn Ċinnéide, a toġaḋ le iad a riaġluġaḋ.

Agus sin é an ċaoi a ḃfuair Brian ḃeiṫ ’n-a ríġ ar Éirinn.