Page:Mac-ghníomhartha Bhriain - Ua Concheanainn.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

6

Buaileaḋ buille láidir trom ar an doras ⁊ hiarraḋ orṫa é ḟosgailt.

Rinneadar sin agus ṫáinig ċuca isteaċ fear árd leigṫe sgolbánta faoi éadaċ giobaċ. Ní raiḃ giobal de na seaċt n-éadaiġ air. Ṫáinig a ġruaig ’n-a dréimriḃ móra fada anuas ar a leicniḃ, ⁊ sneaċta ⁊ fliċ-ḃáisteaċ ag sileaḋ asta. Ċuaiḋ sé síos i n-aice na teineaḋ an áit a raiḃ na giollaí ’n-a suiḋe, ⁊ níor cuireaḋ aon ṁúisiam air ná níor ṫug aon duine siúntas dó—mar ins an am sin ḃí sé do ċleaċtaḋ ag luċt siuḃail a ṫeaċt isteaċ mar sin i dtiġṫiḃ na n-uaisle ⁊ na ríġte am ar biṫ buḋ ṁian leo ⁊ d’ḟáġaidís a ndóiṫin le n-iṫe ⁊ le n-ól. Ní raiḃ aon doiċeall roiṁe an aistreánaċ an t-am sin, mar ḃí ċroiḋe mór fairsing leaṫan ag na Gaeḋil. Ní hionann sain ⁊ indiu, fairíor—le n-a gcuid Béarla mór. Tarraingeaḋ anall forumna i n-aice an ḃuird ⁊ rinneaḋ sliġe dó. Níor laḃair sé focal, aċt an méid bíḋ agus diġe a tugaḋ dó d’iṫ sé ⁊ d’ól sé é. Ḃí cú mór i n-aice an ríoġ—an ceann a b’ḟearr leis ar fad—⁊ nuair ṫáinig an fear siuḃail isteaċ, d’éiriġ sí i n-a seasaṁ ⁊ níor stad go ndeaċaiḋ ċoṁ fada leis an aistreánaċ ⁊ gur leag sí a ḋá cois tosaiġ ar a ġlúiniḃ.

“Tá i ḃfad níos mó críonnaċt’ ’san ċoin,” arsa an strainséara, “’ná mar tá i gcuid de na daoiniḃ, mar ní ċuireann na giobalaċa éadaiġ mo ḟuil ríoġaṁail i ḃfolaċ uirri.”

D’éiriġ an rí ’n-a ṡeasaṁ go tobann ⁊ ḃreaṫnuiġ sé cé has a dtáinig an glór. D’aiṫin sé an guṫ. Ḃí a ḟios aige go maiṫ gurab é Briain Ó Cinnéide, a ḋearḃráṫair féin, ḃí ann. Ṡeas Brian suas os a ċoṁair i n-a ċuid sean-ḃalcaisí, le go ḃfeicfidís go léir é. Ḃí na fir agus na mná uaisle ar fad ag dearcaḋ air, ⁊ iad ag gáiriḋe ⁊ ag cogarnaiġil le n-a ċéile ⁊ iongnaḋ a ḃfaca tú riaṁ orra. Ṫáinig fearg ar Ṁaṫġaṁain. D’éiriġ a ċuid leicne ċoṁ dearg le fuil ⁊ a ṁailí gruama, ⁊ duḃairt sé:

“Mo náire ṡaoġalta ṫú, a Ḃriain ṁic Ċinnéide! Tá tú ag taḃairt sgannal ⁊ easonóir do’n ċuideaċta mar ġeall ar do ṡean-ċiolcaisíḃ. Ní’l tú gléasta faoi ċoṁair na fleiḋe.”

I n-aġaiḋ gaċ seoid ḃí ar ċlóca an ríoġ, ḃí braon báistiġe ar ċlóca Ḃriain. Ḃí sé ċoṁ salaċ is dá mbeaḋ sé i n-a luiġe ar an talaṁ ⁊ a ċuid balcaisí ċoṁ tréigṫe is dá mbéidís faoi an ġréin le lá ⁊ bliaḋain.

“Raiḃ tú ag sealgaireaċt ar feaḋ na haimsire?” adeir an rí.