Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/247

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

233

Corp. Seáġan beag Bingam, Seáġan óg Bingam ’S iad mo gealltaṁ, ’s iad mo ġealltaṁ Sgrioḃ mise ticeud air ċorr-litriḃ Go Beul-an-Asain, go Beul-an-Asain.

Geoḃaiḋ tu cnocan faoi ’n ċarn-aoiliġ, Gruama glasa, gruama glasa, A’s taḃair leat féin é faoi d’asgail, Mar lón astair, mar lon astair.

Tógḃaḋ an corpan air ṁuin Ṫomáis Annsna bealaiġ’, annsna bealaiġ’, Tríd bóṫairiḃ cúṁanga cruaiḋe casta, Le solas na gealaiġe, le solas na gealaiġe.

Buḋ ḟada an ruaig go truaġ go trasna, Tré móintiḃ fliuċa, tré móintiḃ fliuċa, Siar go lúġ-ṁáġ mór na mbráṫair, ’S na dtuamba glasa, ’s na dtuamba glasa

Corp. Geoḃaiḋ tu spád air ḋeis do láiṁe, Air ċúl an dorais, air ċúl an dorais, Buail preap láidir, preap naċ fálta, Annsan talaṁ, annsan talaṁ.

Fuair mé an spád air ḋeis mo láiṁe Air ċúl an dorais, air ċúl an dorais, A’s ṫug me preap láidir síos go tapa Síos san talaṁ, síos san talaṁ.

(Tug me preap láidir síos go dána, Annsan talaṁ annsan talaṁ), Gur ḃris mé cnáṁ láirge an ḃodaiġ Ġallda Do ḃí ’na ċodlaḋ, do ḃí ’na ċodlaḋ.