Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/164

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

150

sásta,” ar san t-aṫair. Do ṫug an Ridire Cormac (b’é sin ainm ṁic an duine uasail) air ḃord luinge. Ṫóg sé an crann seóil agus ċuir amaċ go fairrge. Buḋ ḟear-draoiġeaċta an Ridire, agus nuair ċuaiḋ sé tamall amaċ do ḃuail sé buille de’n tslaitín-draoiġeaċta air Ċormac, agus rinne poc gaḃair dé. Rug sé leis é go dtángadar ċum oileáin air an ḃfairrge. Ḃí teaċ breáġ ag an Ridire air an oileán. Ḃí dá ḃuaċaill deug eile air teurma ag an Ridire. Ċuaiḋ Cormac air aġaiḋ go maiṫ, go raiḃ an ḃliaḋain críoċnuiġṫe agus ḃí cuid ṁaiṫ draoiġeaċta fóġlamṫa aige. Ṫug an Ridire Cormac leis air an luing, go dtáinig siad ċum na h-áite a ḃfuair sé Cormac ó’n aṫair. Ḃí seisean air ḃruaċ na fairrge agus ḃí lúṫġáire ṁór air nuair ċonnairc sé Cormac. “Seó é do ṁac,” ar san Ridire, tá céird ṁaiṫ aige, aċt má ḟágfaiḋ tu agam bliaḋain eile é, béiḋ dá ċéird aige. “Fágfaiḋ mé agad é,” ar san t-aṫair, “agus fáilte.” Rug an Ridire Cormac air ais leis agus ḃí sé ag múnaḋ draoiġeaċta ḋó go raiḃ an dara bliaḋain críoċnuiġṫe, agus ḃ ḟios ag Cormaċ naċ dtiúḃraḋ an Ridire a ḃaile é, mar nár ċuir an t-aṫair annsan