Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/157

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

143

ag éisteaċt leó. Ċuaiḋ tusa asteaċ. D’ḟiosraiġ tu cia ṁéad ḃí aca air an g-corp. Duḃairt an ḃeirt ḟear go raiḃ púnta aca air an g-corp, agus naċ raiḃ siad sásta an corp a ċur, go ngeallfaḋ na daoine a bí ’g á iomċar cuid de na fiaċaiḃ do ḋíol. Duḃairt tusa, “tá deiċ sgillin agam, agus ḃeurfaiḋ mé ḋaoiḃ é, agus leig do’n ċorp a ċur. Ṫug tu na deiċ sgillin dóiḃ agus cuireaḋ an corp. Mise a ḃí ’sa’ ’g-cóṁra an lá sin. Nuair ċonnairc mise ṫusa dul a’ doċtuireaċt ḃí ḟios agam naċ ndeunfá an graṫaiġ (gnó). Nuair a ċonnairc mise ṫusa i ngéiḃionn ṫáinig mise ag ionsuiḋe ort le do ṡáḃáil. Bronnaim an t-airgiod uile go leír ort. Ní ḟeicfiḋ tu mise go dtí an lá deirionaċ. Gaḃ aḃaile anois. Ná deun, aon lá doċtúireaċta an ḟad ’s ḃéiḋeas tu beó. ’S goirid a ṡiúḃalfas tu go ḃfáġaiḋ tu do ċuid eallaiġ, agus do ġearrán.

D’imṫiġ Niall ag tarraing a ḃaile. Níor ḃfada ṡiúḃail sé gur casaḋ a ċuid eallaiġ agus a ġearran dó. Ċuaiḋ sé a ḃaile agus an t-iomlán leis. Ní’l aon lá ó ṡoin naċ ḃfuil sé féin ’s a ḃean ag teaċt i dtír air. Fuair mise an t-áṫ, iadsan an cloċán. Báiṫeaḋ iad-san agus ṫáinig mise.