Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/118

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

104

nuair ċonnairc sé cosa agus láṁa air in- ġin an ríġ. D’innis síse ḋó gaċ uile ḟocal a duḃairt Gráine-óiġ léiṫe.

Nuair ḃí an ċlann bliaḋain d’aois ṫug an ṁáṫair léiṫe iad, agus ċuaiḋ go teaċ an ríġ.

Ḃí doċtúiriḋ as uile áit i n-Eirinn ag freastal air an ríġ aċt nior ḟeud siad aon ṁaiṫ á ḋeunaṁ dó.

Nuair ṫáinig an inġean asteaċ níor ait- niġ an ríġ í. Do ṡuiḋ sí síos agus an triúr mac ’nna timċioll, agus d’innis si a sgeul dóiḃ o ḃonn go bárr, agus ḃí an ríġ ag éisteaċt léiṫe dá innsint. Ann sin leig sí a láṁ air ḃonn coise an ríġ agus ṫuit an crann dé.

An lá air na ṁáraċ do ċroċ sé an tsean- ċailleaċ agus ṫug sé a ḋúṫaiġ d’á inġin agus do’n duine-uasal.