Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ROIṀ-ḞOCAL,

Do’n Duine-uasal Eusaḃ D Mac Cliaḃair .i. Euseby D Cleaver ollaṁ diaḋaċta.


Ḋuit-se, a Ḋuine-uasail, ofráilim an leaḃairín seó, ó is tusa a ċuir ann mo ċeann i dtosaċ, é do ḋeunaṁ, agus ó is ort-sa ṫuit a ċostas. D'aṫraiġ tu a Ḋuine-uasail an tír ann a raiḃ tu do ċóṁnuiḋe, aċt an inntinn a ṫug tu leat as Éirinn níor aṫraiġ tu ise. Is fíor ad’ ṫaoiḃ-se an ráḋ sin an Rómánaiġ–aċt aon focal aṁáin d’aṫruġaḋ ann,

nihil Hibericum alienum a me puto.

"Ní’l aon niḋ air biṫ a ḃaineas le h-Éirinn náċ g-cuirim suim ann." Tá do ċorp imṫiġṫe ó n-ár measg aċt tá do spiorad linn.

Ċonnairc tu a Ḋuine-uasail rud naċ ḃfacaiḋ mórán daoine, agus ṫuig tu rud nár ṫuig siad-san. Ċonnairc tu go dtuitfeaḋ