Page:Leabhar na Polainne.djvu/83

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
79
LEABHAR NA PÓLAINNE.

gachéinne coimeád as a radharc agus a’ raon foghair a ghotha; óir ní dea-shaighdiúuir ná fear onóra é ach baothaire agus cuirptheach.

14. Agus má chuaidh sé i bhfriothghuin an chatha, féin, do chuadar súd i bhfriothghuin an chatha, leis: an capall go ndeachaidh an Krakus anáirde ar a mhuin agus go raibh na spuir á dtabhairt do, agus an capall a bhí gofa fén ngunna mór agus a comáineadh ar aghaidh leis an bhfuip. An amhlaidh atá sé dleathach dea-shaighdiuir a thabhairt ar chapall?

15. Agus má deir an lobhar gur throid sé thar ceann onóra, deir an t-oifigeach Moscobhíteach, leis, go dtroidean sé thar ceann onóra; agus an tIodáileach a ropan a mheadóg tré n-a namhaid mar dhíoltas air, deir seisean, leis, gro ndeinean sé a chuid onóra do dhíogailt; ach cad a chialuigean an bhaoth-onóir íodhal-adharthach san?

16. Go deimhin, adeirim libh, an saighdiúir a dheinean troid, gan creideamh aige i gceart a chúise, níl ann ach beithíoch allta, agus an taoiseach a sheolan a bhuidhean chun catha, gan creideamh ina chúis aige, fogfhluidhe isea é.

17. Troidean an lobhar ar láthir an chatha agus marbhuighean sé dhá namhaid. Nuair fhillean sé ar a chábán cuirean sé na saighdiúirí ar a n-aimhleas agus imirean sé bás anama ar dheichniúr acu.

18. Ta sé ar nós an té a théan chun an teampaill agus a leigean é féin ar a ghluinibh, agus a thagan a bhaile ansan chun magaidh a dhéanamh fé Dhia agus fén gcreideamh i láthir a chlainne.

19. Agus má deir se ná fuil iompar agus gníomh ar aon dul le smaoineamh agus le briathar, ní shaoran