Page:Leabhar na Polainne.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
67
LEABHAR NA PÓLAINNE.

a innsint cá mhéid é. Tiocfidh an t-am na mbeidh an ciste lán agus scríobhfidh Dia san áireamh cá mhéid a chuir cách ann.

2. Ach má dheinean tú maoidheamh as an méid seo nó as an méid úd do chur ann beir at cheap magaidh ag daoine; aithneoid siad gur chun do ghlóire féin amháin a thugais uait do thalant.

3. Is cosúil le púdar an tseirbhís a deintar don athardha.

4. An té a leathan an púdar go fórleathan agus a chuirean teine leis, ní bhíon aige ach lasair bheag gan neart, gan pléascadh, gan éifeacht.

5. Ach an té a chuirean go doimhinn sa talamh é agrus a chuirean teine leis, réaban sé an talamh agus an falla le torainn-chleas tóirthnighe; agus deirid na daoine: Go deimhin féin, bhí mórán púdair ann—bíodh is ná raibh ann ach beagan ach gnjr cuireadh go doimhinn e.

6. Mar sin don tseirbhís a cuirtar i bhfolach doimhinn, féachfa sí lán de ghlóire; agus má ceiltear í chó maith san ná feicfar ar an saol so choíche í, be sí ag taithneamh ar feadh na síorruiachta, agus beidh a torainn-chleas gan críochnú choíche, agus beidh a glóire síorraidhe, agus mairfidh a toradh ar feadh na saol.

7. An tseirbhís a deintar don athardha is cosúil le gráinne í; an té chuirean ar a dheárnain é agus a thespeánan do chách é, ghá rádh: Sin gráinne mór agaibh—tiormó sé é agus ní bhainfe sé pioc dá thoradh.

8. Ach an té chuirean an gráinne sa talamh agus a dheinean foidhne ar feadh roinnt seachtainí, chíon sé planda ag teacht as an ngráinne.