Page:Leabhar na Polainne.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
58
LEABHAR NA PÓLAINNE.

ag déanamh leabhar don mhuintir iasachta, gach ceárduidhe ar a chéird féin.

12. Agus thárla go dtáinig dúil mhór acu a dtír féin dfeiscint arís: ní fheidir cuid acu conus tithe thógáil ar an nós iasachta, agus ní fheidir an chuid eile conus scríobhadh sa teangain iasachta.

13. Agus bhíodar go dubhach agus chuadar i gcomhairle arís.

14. Bhí fear ionnraic ar a measc a bhí ina thost godí san, mar fear síochánta ab ea é; dubhairt seisean leo:

15. Ag obair agus ag tuilleamh bhur gcoda dhaoibh, dearmhadan sibh go bhfuilimíd le filleadh chun ár dtíre féin, agus ní raghmíd tharnais ach ar bórd árthaig agus ar muir.

16. Mar sin de, leanadh gach éinne agaibh ag tógáil tithe nó ag scríobhadh leabhar, ach san am gcéadna ceannuigheadh gachéinne agaibh tua dhó féin agus foghlumuigheadh sé conus snámh a dhéanamh.

17. Maidir leis na máirnéalaig atá inár bhfochair, faghdís eolas ar gach a mbainean leis an bhfaraige agus le cóstaíbh agus le gaothaibh.

18. Agus nuair a bheidh gach ní i dtreo againn raghmíd godí an choill agus déanfimíd árthach go tapaidh sara mbeidh uain ag muintir na háite seo ar aon rud do dhéanamh. Agus más fonn leo bac a chur ar an obair cosnóimíd sinn féin orra leis na tuanaibh.

19. Dubhradar mar sin: Toghmís píolóid.

20. Theastuig seanaphíoilóid ó chuid acu agus píolóid óg ó chuid eile acu; a lithéid seo a theastuig ósna saoraibh cloiche agus a lithéid siúd ón lucht léinn. Agus do lean an t-aighneas san ar feadh bliana agus níor socruigheadh ar éinní.