Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG.

CAIBIDIOL I

MAR ṪÁINIG JIMÍN AR AN SAOĠAL IS MAR ĊUIR SÉ DÚIL I gCÍSTE MILIS

An Máiġistir aduḃairt liom é seo a scríoḃ le cur go dtí “An Lóċrann.” Cúntas a scríoḃ mar ġeall orm féin—sin é duḃairt sé ḃí uaiḋ. Ní ḟeadar cad ab áil leis “An Lóċrann” dá leiṫéid sin. B’ḟéidir gurab aṁlaiḋ atá an fear a ḃíonn ag scríoḃ do ró leisciúil ċun a ṫuille ċur síos. Bíonn an Máiġistir féin ró leisciúil uaireannta aon rud a ḋéanaṁ agus cuireann sé ag léiġeaṁ sinn agus téiġeann sé féin amaċ sa ṗóirse ag caiṫeaṁ tobac. Rug cigire lá air ann. Ní maiṫ leis an Máiġistir cigirí ar ṡlí éigin. Ní maiṫ liom féin na cigirí sin, leis. Ḃí fear aca sa scoil iné agus níor laḃair sé aon ḟocal Ġaeḋilge leis an Máiġistir. B’ait linn é sin mar ḃí sé ag baint sásaiṁ de ’na taoiḃ.

Tá sé ċoṁ maiṫ agam tosnú ar an gcúntas úd. Ní ḟeadar i gceart cá dtosnoċad: duḃairt an Máiġistir liom m’ainm a ċur síos ar dtúis; aċ ní féidir dom anois é ċur síos ar dtúis mar tá barr an ṗáipéir seo lán. Cuirfead annso é: Jimín Ṁáire Ṫaiḋg. Is mise Jimín. Tá ainm eile, leis, orm: Séamas Ó Breasail. Sin é an ainm atá ar mo ḋaid; aċ níl aon tor’ ar mo ḋaid boċt sa tiġ seo agus ní ṫugann aonne a ainm sin orm-sa aċ ainm mo Ṁam. Sí Máire Ṫaiḋg mo ṁáṫair, tá’s agat. Is iongantaċ an duine Mam. Bíonn eagla

B
1