Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

ċuaiḋ sé ar éalú cois an ċlaiḋe agus é ag stad agus cluas air gaċ ’ra nóimeat. Ḃí aḋarc ḃeag den ġealaiġ ann an oiḋċe sin.

“Ag spiaireaċt ar Ṫaḋg Óg atá sé,” arsa mise i gcogar le Micilín, nuair ċonnac an biṫiúnaċ ag dul isteaċ ameasc na dtiġṫe i mbuaile Ṁáire Aindí. Ḃí mo ċroiḋe féin im’ ḃéal agus allus orm agus mo láṁa ar criṫ agus ná feadar cad a ḋéanfainn. Ba ṁeasa Micilín ná mé féin agus ḃí aġaiḋ ḃán air. Ċonnac an tincéir agus é ar a ċromaḋ ag éalú ó ṫiġ go tiġ sa ḃuaile agus rud éigin ’na ḃaclainn aige.

Duḃart le Micilín annsan riṫ leis go ciúin agus cuid de ċomrádaiṫe Ṫaiḋg Óig a ṁúscailt agus a ḃreiṫ leis ċun go mbeiridís ar an spiaire. Siúd le Micilín agus d’imiġeas féin ag laṁncán laistiar den dtiġ go dtána go dtí an seomra mar a mbíonn Taḋg ’na ċodla. Ḃí tairnge im’ ṗóca agus ċromas ar an ngloine a scríobaḋ leis agus ní fada go dtáinig Nell ċuġam. Ḃagruiġeas uirṫi a béal d’éisteaċt. D’oscail sí an ḟuinneóg go ciúin agus duḃart léi annsan Taḋg a ṁúscailt go grod agus é ċur amaċ ċuġam. Ṁeasas ná beaḋ Taḋg múscailte go deo aici, aċ ṫáinig sé go dtí an ḟuinneóg sa deire.

“Tar im’ ḋiaiḋ,” arsa mise, “tá spiaire agam,” agus siúd liom ag laṁncán arís go dtí cúinne an tiġe. Nuair a ṫána annsan do stadas, mar fuaireas raḋarc ar mo ḃioránaċ arís ag éalú ameasc na dtiġṫe agus a hata anuas ar a ṡúiliḃ aige ag féaċaint gaċ ’ra coiscéim ar an dtiġ cóṁnaiṫe agus rud éigin mór ’na ḃaclainn.

Ċuaiḋ sé go ciúin go doras tiġe an ḃainne agus do ḃain an lúb den doras agus d’éaluiġ isteaċ agus do ḋruid an doras amaċ ’na ḋiaiḋ. Ṗreabas féin anonn agus ċuireas an lúb arís ar an ndoras ón dtaoḃ amuiċ.

“Seaḋ, a ḃuaċaill, ceap do ṡuaineas annsan duit féin,” arsa mise.

Le n-a linn sin ṫáinig Taḋg Óg, agus ċonnac ċuġam

70