Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

LÁ AN DREÓILÍN

mbeaḋ gur ḋein Taḋg Óg fóiriṫint orm. Ní ḋearṁadfad go bráṫ dó é. Rug sé ar láiṁ ar Ṁam agus ḃain sé an tslat di. Ó ’ḋuine! ba ṁór an ḟuascailt é. Ḃí Mam ar buile aċ do ḋeineadar cainnt ḃreá ḃog léi ’á ciúnú: gur buaċaill boċt óg me agus ná raiḃ aon ċiall agam—ná bíonn ceann críonna ar ċolain óig—ná tagann ciall roim aois—gur fearr go hanamúil aeraċ me ná ḃeiṫ im’ ruidín mílíṫeaċ cois na teine aici—go ndéanfainn fear maiṫ ciallṁar fós, le congnaṁ Dé-agus naċ minic a ċuala sí na seandaoine ’á ráḋ gur “duine óg diagaiṫe aḋḃar diaḃail seanduine"; agus a lán eile cainnte mar sin gur ċuaiḋ sí ċun suainis.

Annsan ṫarraing Taḋg scéal eile anuas—go raiḃ cúig ṗúint a cúig déag ar ḃanḃaí oċt seaċtaine ar ṡráid an Daingin Saṫarn na Nodlag agus ḃréagadar Mam mar sin ó ḃeiṫ ag coṫú fala im’ ċoinniḃ-se. Faid a ḃíodar ag cainnt d’éaluiġeas féin ċun súsa agus me go buiḋeaċ tré a ḟeaḃas a ċuas as. Ní haon néal ċodlata ṫuit orm, áfaċ, go gcuala Nell agus Taḋg ag imeaċt aḃaile agus níor stad mo ċroiḋe de ḃualaḋ go gcuala Mam ag dul d’á seomra féin. Is sia ċuiṁniġ sí ar ṁíġníoṁ lae sin an Dreóilín im’ ċoinniḃ ná aon rud eile ḃí déanta le fada agam. Gaċ aon ṁaidean Doṁnaiġ nuair a ċíoḋ sí gúna Ċáit agus an rian duḃ a ḋ’ḟan air i ndiaiḋ an lae ṁí-áiḋ sin ní ḟéadfaḋ sí gan é ċur i gcuiṁne ḋom. Dá mbuaileaḋ Dia aon tseans i dtreo Ċáit go ḃfaġaḋ sí gúna nua ba ṁór an suaineas dom é.

47