Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/116

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

SLÁN LE JIMÍN!

A Jimín, a ḋalta, céad slán leat is beannaċt,
In Iolscoil na sagart go mairir do ċáil!
Ró ġairid linn d’ḟanais led’ ġasra ’nár ḃfarra
’S é scaraḋ na gcarad siḃ scaipṫe ċum fáin
Mam agus Daid boċt, is Cáit ḃeag gan ġanguid,
Taḋg Óg ṡeasaḋ ceart duit, is Nell ṫugaḋ gean,
Micilín do ċara, Beit Ṁór is Máir’ Aindí—
Cad ḋéanfaimíd feasta ’na n-éamuis ar fad?

I gceart-lár an ṁaca ar leaṫċois fé ṁairg,
Tá an ganndal ’na ṡeasaṁ go canntlaċ, díombáċ;
Aon ḃraon den “stuif ḋearg” anuraiḋ ċuir maig air
Is d’ḟág leaṫta san easair é, níl sé le faġáil.
Níl cúntas imeaċta luċt diúgṫa an leanna
Lá móna do ḃaint ná lá reaṫa na mbád;
Is tá uaigneas d’á ḋeasgaiḃ is duairceas sa Daingean,
Na leanḃaí gan ċeaċt ann is na bacaiġ gan áḃaċt.

Táir imiṫe, a ṫaisce, is ní plámás ná bladar
Uainne ṫug taiṫneaṁ do d’eaċtraí é ráḋ,
Arís ċuġainn go gcasair le h-“olcas” nó “maiṫeas”
Is beimíd ag faireaḋ do ṫeaċta gaċ lá.
Agus guiḋmíd an Seaḃac le d’ċliaḃán do ṡeasaiṁ
Ár ngéar-ġáḋ do ḟreasdal le scéal uait i dtráṫ;
I n-éide ġeal sagairt go ḃfeictear ṫar ais ṫú—
Nó b’ḟéidir i d’easbog, a ḃuaċaillín ḃáin.

“CLOĊ LAḂRAIS.”

108