Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
74
JIMÍN

Mise, leis, a cuireaḋ ar fuaid an ḃaile ar lorg sleánta. Ṫugas Micilín Eoin liom agus níor ḟágamar aon tiġ i ngiorraċt míle ḋinn nár loirgíomar sleán ann do Ṁam.

B’in tar éis scéal an ċeaintín, tá’s agat, agus ḃíos beartaiṫe mo ḋíċeall a ḋéanaṁ ag soláṪar sleán ċun í ṡásaṁ. Fuaireamar naoi gcinn acu ḋi!

B’é ar ndíċeall iad d’iompar aḃaile. Ḃí ár dteanga amuiġ againn agus ḃíoḋ sleán ag titim uainn anois is arís.

Aċ níorḃ aon táḃaċt é sin seaċas Mam nuair a ċonaic sí an t-ualaċ sleán an ḃuaile aníos ċuici. Ṁeasas go dtarraingeoḋ sí an baile orm. Ṫug sí “ amadáinín ” is fiĊe orm. B’in é mo ḃuíoċas tar éis mo ḋíċill. Ní dúirt sí liom-sa ná raiḃ uaiṫi aċ ḋá ṡleán.

I dtaoḃ na sleán san, tá aċrann mór ar siúl. Níor ċuiṁin liom-sa cad é an tiġ go ḃfuaireas aon ċeann acu ann, agus nuair cuireaḋ aḃaile iad ní raiḃ a ċeann féin ag éinne. Ní raiḃ aon leiġeas agam-sa air sin, aċ éinne ḋéanaḋ gearán nárḃ é a ṡleán féin a cuirtí aḃaile ċuige—mise a ḋíolaḋ as.

Ar maidin sé an ċéad rud a ċuala ná mo ṁáṫair ag glaoċ go hárd is go géar orainn. Dúirt sí go raiḃ an ṁaidean caite.

Ċeapas, ’om baic, ón gcaint a ḃí aici, go raiḃ sé tar éis a deiċ nó niar sin. Ṗreabas síos ’on ċistin aċ ní raiḃ sé aċ leaṫ-uair tar éis a cúig! Ṫiomáin sí Ḋaid d’iarraiḋ an ċapaill agus mé féin d’iarraiḋ na mbó.