Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/107

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
101
DUL JIMÍN LE SAGARTÓIREAĊT

measas nár ḟan oiread luiċe ionam leis an scanraḋ. Ċonaiceas go raiḃ sí go cráite dóite toisc an scéal a ḋul amaċ roiṁ ré.

Níor ṁaiṫ liom í ḃeiṫ ag féaċaint orm agus d’imíos liom go maolċluasaċ go dtí an leaba agus gan é aċ leaṫuair tar éis a seaċt!

Deirim-se leat ná raḃas buíoċ dem ṫeangain, mar ċeapas siúrálta go ḃfaiġinn búrdáil ṁaiṫ an oíċe sin.

Aċ ní ḟuaireas, a ḋuine. Nuair a ḃí Mam ag dul a ċodlaḋ ṫáinig sí le coinnill mar a raḃas-sa, agus d’ḟéaċ sí orm. Ḃíos im ċnap ċodlata, a ṁic ó, agus ní osclóinn súil liom ar ṁíle punt.

“Hum,” ar sise, “codlaḋ an traona ċugat-sa, a ḃuaċaill!” agus ṫuigeas go raiḃ droċaṁras aici ar an suan a ḃí orm. D’imiġ sí, áfaċ, agus ṫugas mo ḃuíoċas do Ḋia a rug saor an uam sin mé.

Ḃí bouta bruiġne agam féin is ag Micilín Eoin lá arna ṁáraċ. Nuair a ċonaic sé ċuige mé, “Ara, féaċ aníos ‘Father James’!” ar seisean.

Ṫáinig beirfean uilc orm ċuige agus leanas suas ’on ṗáirc é agus ċuireas fuil-ṡrón leis. B’ḟéidir go múinfeaḋ san béasa ḋó.

Aċ níor stop san an ċuid eile ḋen mbaile, mar ḃíoḋ an ainm ar siúl acu go léir orm—mór mór ag na sciṫirí gearrċaillí. Ḃíos cráite acu; aċ mé féin fé ndeara é a scaoil lem ṫeangain i láṫair Ṁáire Aindí.

Ar feaḋ trí seaċtaine ina ḋiaiḋ san ní ṫáiniġ stad ar Mam aċ ag ullṁú rudaí ḋom.