Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
72
THE GAELIC JOURNAL.

13. Is ualaċ eudtrom foġluim, aċt is áḋḃar aċrainn í go minic.

14. Saoileann an t-amadán, naċ ḃfuil aon duine críonna aċt é ḟéin.

15. ’San áit i mbíḋeann mná bíḋeann caint, ’gus san áit i mbíḋeann laċain bíḋeann salċar.

16. Saoileann an preuċán gur deise a éun féin ioná aon éun eile sa gcoill.

17. Is iomḋa rioċt i n-a dtagann an bás.

18. Is feárr marcuiġeaċt air ġaḃar, ioná siúḃal coise.

19. Ríoġaċt uile ḋuine, a intinn féin.

20. Is luġa ioná friġde máṫair na hurċóide.

21. Tá tú ċoṁ mí-náireaċ le circ ġoir.

22. Tá do ċaint ċoṁ bríoġṁar le sgáile.

23. Déanfaiḋ tú é, nuair a ḋéanfas an ċuaċ nead.

24. Ní hé an maide pota a ġníḋeas an leite, aċt min.

25. Tá droċ-ainm ċoṁ dona le droċ-ḃualaḋ.

26. ’San áit i mbíḋeann deataċ, bíḋeann súil le teas.

27. Ná marḃ an ċráin go mbeiḋ an t-ál coṫuiġṫe.

28. Mur gcuiriḋ tú san earraċ, ní ḃuainfiḋ tú san ḟoġṁar.

29. Ná leig do rún le cloiḋe go mbeiḋ aṁarc agad ṫar a ḃárr.

30. Má’s mian leat níḋ do ḟuagra, innis mar rún do ḃean é.

31. Ní’l maiṫ ag cur láiṁe i bpóca folaṁ.

32. Tig le dall a ḃealaċ do ḟaġáil go dtí a ḃéul, aċt ní uile lá a ġaḃfas se girrḟiaḋ.

33. Ní’l mórán sóġa i dtiontóḋ léine salaiġe.

34. Ní ḃíḋeann fáilte roiṁ an té a ḃíḋeanns ag iarraiḋ iasaċd’.

35. Tá déirc i ndeoċ ḃláṫaiġ, aċt tá ḋá ḋéirc i ndeoċ leaṁnaċt’.

36. Ná taḃair an ḃréug go mbeiḋ tú réiḋ le buille.

37. Druid do ḋorn sul má dtugann tú an ḃréug.

38. Bainis an ġortáin, fata agus sgadán.

39. Ċoṁ geanaṁuil le sgadán, nár gaḃaḋ riaṁ air son a ḃuilg.

40. Tá sé mar an macalla, ní’l ’ḟios ag éinneaċ a áit ċoṁnuiḋe.

41. Geall mórán agus beiḋ go leór dod’ ṫóruiḋeaċt.

42. Ní ṫig le mála folaṁ seasaṁ, no le cat marḃ siuḃal.

43. Teaċtaire o Ḋia do ċoinne, agus nár imṫiġiḋ sé folaṁ.

44. Ní’l fios air ṡóġ mur mbí anṡóġ roiṁe.

45. Ag cuir claiḋe ṫimċioll ġoirt leis an ċuaċ do ċongḃáil istiġ.

46. Ag tóruiḋeaċt dreancaide i measg carnán clúṁaċ.

47. An níḋ naċ ḃfeiceann súil, ní ḃrónann croiḋe.

48. Laḃair go socair, bíḋeann cluasa ag ballaiḋe.

49. Ḃeireann deór ó ṡúil suaiṁneas do ċroiḋe.

50. Tagann fata mór as póirín.

51. Is fearr sgríobaḋ an ṗota, ioná líġeaḋ na leice.

52. Bíḋeann muiriġin níos mó ag dreóilín, ioná ag fiaċ duḃ.

53. Sgadán air fód fuar i ḃ-fad suas o’n teiniḋ.

54. Is maiṫ díol go lá, aċt ní fearr ná go bráṫ.

55. D’ḟoirfeaḋ rud ar biṫ do ḟear noċduiġṫe.

56. Bíḋeann cuiṁne fada ag sean-ṗáisde.

Translation.

1. One chafer finds another (i.e., one ugly person finds another).

2. Tho’ often the pitcher goes to the well, it gets broken at last.

3. Tobacco after food is to be provided by the housewife.

4. No person knows where the shoe pinches but the person that is wearing it.

5. There is many a sort of music, as the man said that had the wooden trumpet.

6. It is the sign of bad weather, the cat’s back to the ire.

7. He who does not get the meat finds great consolation in the broth.