Jump to content

Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/47

From Wikisource
This page has not been proofread.
43
THE GAELIC JOURNAL.

T. Ariú fiannuiḋeaċt! Fágaim le huḋaċt,[1] a Chearḃaill, gur ċuireas, tá fiċe bliaḋain ó ṡoin, ċum aḃráin do ḋeunaṁ ag molaḋ an tSeanġarrḋa. “Seanġarrḋa an ċeóil,” ar-sa misi, ⁊ dá ḃfaġainn Éire, ní ḟeudfainn dul mós sia air.

C. An gcuirfir an geall?

T. Cuirfead ⁊ fáilte, ⁊ ní misde ḋam. Beiḋ ort-sa díol.

C. Fan leat go fóil. Aċt feicimís cad tá ag Eumann Óg dá ḋeunaṁ ann-so ṫall.

T. Tá fál aige dá ḋeunaṁ ar a ġáirdín, agus is beag an tairḃe ḋó sain, mar ’nuair ḟeoċfaid na saileaċa sain, feudfaid na gaḃair gaḃáil tríoṫa. Dia ’s Muire ḋuit, a Eumoinn!

E. Dia ’s Muire ’s Pádraig ḋuit, a Ṫaiḋg! ⁊ duit-si leis, a Chearḃaill! an ḃ-fuil aon sgeul nuaḋ agaiḃ? Cad uime go ḃfuilir ag croṫaḋ do ċinn, a Thaiḋg?

T. Táim ag croṫaḋ mo ċinn, a Eumoinn, mar is olc an fál an tsaileaċ úr sain.

E. Ní’l leiġeas air. Ní’l a ṁalairt[2] agam.

T. Ó, stad a ḋuine! Ná cuir an cuaile críon sa’ ḃfál! Tá an rud úr olc a ḋao- ṫain, aċt deunfaiḋ sé an gnó go ceann tamaill.

c. Teanam,[3] a Thaiḋg, go ḃfaiġead mo ċárt leanna uait!

E. Cad ar a ṡon, a Chearḃaill, go ḃfuil cárt leanna le faġáil agat ó Thaḋg?

T. Geall, má ’sé do ṫoil é, do ċuir sé liom go mbeiḋeaḋ dán filiḋeaċta deunta agam sul a mbeiḋmís ar aon i mBaile Choitín,—misi, nár ḋein aon dán fili- ḋeaċta riaṁ, níḋ naċ iongnaḋ!

E. Tá eagla orm, a Chearḃaill, go mbeiḋ ort díol an turus so.

C. Teanam ort, má ’seaḋ, ⁊ bíoḋ do ċuid de’n deoċ agat.

E. B’ ḟéidir nárḃ’ ḟearra ḋam riaṁ é.[4]

T. Is fíor ḋuit. Ní’l puinn maiṫeasa idir láṁaiḃ agat.

E. Ní’l meas mór ag Taḋg ar mo ġnó.

T. Dá mbeiḋeaḋ fál le deunaṁ agam, baḋ ḋóiġ liom go gcuirfinn draiġean nó sgeaċ ġeal ann. B’ ḟearr liom sgoṫán aitinn féin ’ná an tsaileaḋ sain. Aċt cad é seo ag Uilliam Ua Buaċalla dá ḋeunaṁ le n-a ṡeisriġ? Cad tá ort anois, a Uilliaim? An ḃfuil do ċeuċda briste?

U. Ní’l, a Thaiḋg, aċt tá mo ċuing briste, ⁊ táim ag casaḋ le gad do ċur uirṫi.

T. Stad, stad, a Uilliaim! táir dá ċur suas ar an dtuaṫal. Cas an gad de ċúl na cuinge, ⁊ beiḋ an greim is fearr aige. Sin é! Cuir snaiḋm anois air.

C. Feuċ, a Thaiḋg! naċ breaġ ḟeuċann an fairrge indiu? Ní ḟeadar cia an áit as a dtáinig an long ṁór úd ṡoir.

T. Ní raiḃ sí ann andé. Feuċ airiú, a Chearḃaill! naċ fada ó stiúir na luinge an bád beag?

C. Is fada, a Thaiḋg, ⁊ is maiṫ an ṁaise agan é![5] Tá an dán críoċnuiġṫe agat- sa, ⁊ mo ċárt leanna beirṫe agam-sa.

T. An ar buile ataoi, a Chearḃaill? Cad é an dán?

C. Éist liom. Ní’l i ḃfad ó duḃrais le hEumonn óg. “Is olc an fál an tsaileaċ úr.”

T. Duḃart, ⁊ ní ’l puinn filiḋeaċta sa’ tsailiġ.

C. Ann-sain do liúġais air, “Ná cuir an cuaile críon sa’ ḃfál.”

T. Agus cá ḃfuil an ḟiliḋeaċt sa’ méid sin?

C. Bíoḋ foiġne agat. Duḃrais ann-sain le hUilliam Ua Buaċalla, “Cas an gad de ċúl na cuinge.” Agus anois beag[6] duḃrais liom-sa, “Naċ fada ó stiúir na luinge an bád?” Níor ḋeineas féin riaṁ dán is deise ’ná é. Feuċ—

“Is olc an fál an tsaileaċ úr;
Ná cuir an cuaile críon sa’ ḃfál;
Cas an gad de ċúl na cuinge;
Naċ fad’ o stiúir na luinge an bád!”

T. Dar fiaḋ, a Chearḃaill, ní ’l teóra leat! Agus as mo ḃeul féin an uile ḟocal de. Tá an geall buaiḋte agat glan.

  1.  
  2.  
  3.  
  4.  
  5.  
  6.