Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/369

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.


No. 11.—Vol. VI.] MARCH, 1896. [Old Series, No. 71

BÁS ṠEAĠÁIN PLÉIMIONN.

Fuair Seaġa’n Pléimionn bás an t-8aḋ lá fiċead de Ġionḃar, i n-aois a ḋá ḃliaḋain ⁊ ceiṫre fiċid. Do ḃí sé ar an mbuiḋin do ċuir IRISLEAḂAR NA GAE- ḊILGE ar bun atá breis ⁊ trí ḃliaḋna deug ó ṡoin ann. Is é an Pléimionnaċ do sgríoḃ an ceud alt de’n ċeud Irislea- ḃar. An uair do ċuir ar gcara Dáiṫi Coimín suas do eagarṫóireaċt an Iris- leaḃar, is air an bPléimionnaċ do cuireaḋ an cúram soin i n-a ionad. Do ḃí an Pléimionnaċ ’na ṡean-ḟear ċeana féin an uair sin, aċt do lean sé dá ġnó an ḟaid do ḃí sé ’na ṡláinte. Ba ċruinn a eolas ar Ġaeḋilg ⁊ ba ṁór a ċumas ar í do sgríoḃaḋ ⁊ do laḃairt. Ní ḃíoḋ sé aon uair gan leaḃar Gaeḋilge ’na láiṁ aige nó le n-a ais. Do’n Ġaeḋilg ṫug sé gráḋ a ċroiḋe, neart a ṁeanman, bríġ a intinne, fuinneaṁ a óige, díċeall a ṁeaḋón- aoise, searc a ṡean-aoise. Go ndearnaiḋ Dia trócaire ar a anam!

Iarġnó ar ḃas Ṡeaġain Pleimionn.

Brón na ḃfear ngroiḋe, ceasnaiḋe creuċt is uċ:
Leoġan na ḃflaiṫ ḃfíor seal saoi ċré gan ċuid:
Treón an deaġ-ċroiḋe gaisgiḋiġ—tréiṫ gan truis
Leoin le ga niṁe deaġ-ṡíol Pléimionnaċ.

An Pléimionnaċ glé-ċroṫaċ gasda glan grínn
I gcré uainn is geur-ḃroid d’a maireann annso ṫíos;
Féile ⁊ daondaċt do ċeapaḋ de ṡíor,
Is do réiḋtiġeaḋ gaċ daer-ċeist ba deacair do’n
druíng.

Drong glan daingean is aisti dáileaḋ é,
Ba lúbṁar lannaċ i dtreas na beárnan baoġail,
I gclú ’s i meas do ċeap leis bárr na bpreuṁ,
’S i n-iúl na Banba ġlac ó ċáċ an ċraoḃ.

Craoḃ-sgaoileaḋ ar a líne ba lasṁar dar ndóiġ,
Geug ḟíor-ḟada is aoirde ’s is seasaṁaċ slóġ,
Preuṁ Ṫraoi ṫoir do ṡín ċuġainn ó Ḃreatain na
seól,
Séiṁ-ṡíol glan, ’s ba ġaoisṁar a n-easgur de’n ṗór.

Pór Ṁilésius feuċ naċ tirm a súla,
Is leoġan na nDéise tréiṫ gan luiḃ san úir air;
Mo ḃrón an Ġaeḋilg is geur i luige a liúġ ġuirt;
I ndeoiḋ an tréin is léir gur sgiobaḋ a congnaṁ.

Congnaṁ tráṫ b’eaḋ Seaġán is coimirc ceannsa
Do ċuṁdaċ Fáil ar ḃeárnaiḃ giolla nGallda;
D’ḟúigeaḋ tláṫ a gcáil ’s a loċta fallsa
Gan clú gan áird go bráṫ gan Irisleaḃar-sa.

Ní’l leaḃar ag cléir gan béiceaḋ is sgread-ċaoi
ḟiaḋain;
Is dall gan déirc táid Eigse i lag-luiġe liag;
Is oll-duḃ geur é éiġeaṁ na mban síḋe ṫiar,-
Toġa na laoċ go tréiṫ ’s an fear groiḋe i gcriaiḋ.

I gcriaiḋ, mo ḃrón! ró-ḟlaiṫ ceann-úr cas
Tug liaċ ġuirt clóḋ d’Ḟódla is ceasnaṁail cnead,
Sgiaṫ na leoġan gcróḋa gan mearuġaḋ meas
Imbliaḋna i ḃfód leointe do ċeap clú flaiṫ.

An Ceangal.

Flaiṫ atá fod’ lár, a ṡéim-leac ṁór,
Flaiṫ gan tlás b’eaḋ Seaġán glan Pléimionn sóġaċ,
Flaiṫ ṫug gráḋ Ṁic Ṁáire i réim ’na ród,
Flaiṫ is mál fuair bás, is a Eire, is brón!

Taḋg Ua Donnċuḋa.

Connraḋ na Gaeḋilge Aṫa Cliaṫ.

Simple Lessons in Irish. A large number of sub- scriptions towards the publication of Part III. of this work have been received, and will be acknowledged in detail in next issue. The book will very shortly be published.