Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/340

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
132
THE GAELIC JOURNAL.

SÉADNA.

(Ar leanaṁaint.)

Peg. Pé[1] duine aco baḋ roġa leis, a Nóra, is dóiġ liom go raiḃ caṫuġaḋ[2] a ḋóiṫin air féin nár ḋéin sé mar a ḋéanfá-sa.

Nóra. Do ḋéin sé go háiféiseaċ é, ⁊ go botúnaċ. Níor ḃ’ ḟurus’ do[3] trí ġuiḋe d’iarraiḋ baḋ neaṁ-ṫairḃiġe ’ná na trí ġuiḋe d’iarr sé. Ní ḟeadar ’an tsaoġal cad do ḃain do. Trí ġuiḋe le faġail aiġe ar a ṫoġa ⁊ ar a ṫuigsint féin, iad le faġail aige gan ċoinġeall gan ċol, ⁊ níor ḃ’ ḟuláir do[4] gaḃáil de ċosaiḃ ionta, ⁊ annsan sparán do ġlacaḋ ar an gcoinġeall ba ċruaḋa[5] dar cuireaḋ ar aon duine riaṁ. Níor ḃ’ iongnaḋ codlaḋ na hoíḋċe dá ḃaint de, ⁊ droiċ-ḟeuċaint[6] ag teaċt ’na ṡúiliḃ!

Síle. Agus an é sin do ċuir an droiċ-ḟeuċaint ’na ṡúiliḃ? Ó! tuigim anois é. Níor ḃ’ iongnaḋ liom dá mbáiṫfeaḋ sé é féin, ⁊ a leiṫéid de ċrann[7] do ḃeiṫ air.

Peg. Ní deirim ná go ndéanfaḋ sé rud éigin dá ṡórd, aċt ná tiuḃrfaḋ mar ṡásaṁ do’n Ḟear Ḋuḃ é. Deireaḋ sé go minic i n‑a aigneaḋ féin, “Is liom na trí bliaḋna déag gan buiḋeaċas do, ⁊ caiṫfead iad go cúl.”

Nóra. Is truaġ nár ḟan sé mar ḃí aige ar dtúis, i dtaoiḃ le n‑a ċrann aḃall ⁊ le n‑a ṁealḃóig agus le n‑a ċaṫaoir ṡúgáin.

Gob. Agus dar ndóiġ, dá ḃfanaḋ sé mar sin, a Nóra, ní ḃeiḋeaḋ aon ḃean uasal ag feuċaint ’na ḋiaiḋ.

Nóra. Mhaise, ní móide gur ḃ’ ḟearra ḋo riaṁ é.[8] Ní ḟeicim féin d’uaisleaċt i n‑a lán aco aċt mór-ċúis ⁊ doiṫiġeas ⁊ tarcuisne.

Gob. Á! a Nóra, tá a ḟios agam-sa cad fé ndeár é sin uaireanta.[9] ’Nuair ċíd cailíní beaga ná bíonn uasal ⁊ ḃíonn níos maiseaṁla ’ná iad féin, bíonn éad orṫa. Tá eagla orm, dá mbeinn-se uasal, go mbeiḋeaḋ éad orm ċúġat-sa.

Nóra. Airiú, cad ’na ṫaoḃ, a Ġobnuit?

Gob. Fiafruiġ[10] de Ṡíle cad ’na ṫaoḃ.

Síle. Ní ḟiafróċaiḋ sí de Shíle cad ’na ṫaoḃ. Innseaḋ Gobnuit féin anois e, ó ṫarraing sí an ċeisd uirṫi.

Peg. Is mór an ḃean suilt Gobnuit, a Nóra, aċt bíonn an ceart aici uaireanta.

Cáit. Agus dar ndóiġ, ní ceart do ċailín uasal éad ná mór-ċúis do ḃeiṫ uirṫi, má b’ é toil Dé an sgiaṁ aingiliḋe do ċur ar ċailín ḃeag íseal.

Síle. Ní ḟeadar, a Pheg, na daoine atá gránda ar an saoġal so, an mbeiḋ siad breaġḋa i ḃFlaiṫeas Dé?

Peg. Ó a Ṡíle a ċuid, ní ḃeiḋ aon‑ne’ gránda i ḃFlaiṫeas Dé, aċt gaċ aon‑ne níos breaġḋa[11] ⁊ níos maiseaṁla ’ná an té is breaġḋa dá ḃfeacaiḋ súil duine riaṁ ar an saoġal so.

Síle. Ní gaḋ ḋóiḃ éad ná mórċúis do ḃeiṫ orṫa, má ’seaḋ.

Peg. Ní ḃéiḋ éad ná mór-ċúis ann, a Ṡíle, aċt ċoṁ beag le haon níḋ gránda[12] eile.

Síle. Naċ truaġ nár ġlac Séadna cóṁairle an aingil, i n‑ionad ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ ar a ṁealḃóig ⁊ ar a ċaṫaoir ṡúgáin ⁊ ar a ċrann aḃall ⁊ ar na dailtíníḃ a ḃíoḋ ag imirt air!

Peg. Feuċ féin nár ġlac. Aċt is dóċa dá ḃfaiġeaḋ sé an dara hiarraċt go nglacfaḋ. Ní ḃfuair sé an dara hiarraċt. Ḋéin sé a ṁargaḋ. Ḋéin sé fé ḃríġ na mionn é, ⁊ do ḃí air[13] é ṡeasaṁ. Ḃí a ḟios aige go dian-ṁaiṫ, ċoṁ luaṫ ⁊ ṫiocfaḋ an lá deireannaċ de na trí bliaḋnaiḃ déag, go[14] dtiocfaḋ an t‑éilṫeoir[15] ⁊ ná beiḋeaḋ aon ḃreiṫ ar ḋul i ḃfolaċ uaiḋ.

’Nuair ṫug sé tamall maiṫ ’na ṡuiḋe ar Ċaraig na gCearrḃaċ ag feuċaint ’na ṫimċeall ar an raḋarc breaġḋa, do lean sé dá ṁaċtnaṁ:

“Naċ mór a ḃí mo ċás ag déanaṁ buaḋarṫa ḋo! D’airiġ sé mé dá ráḋ go raḃas ‘gan biaḋ gan deoċ gan airgead.’ Is iomḋa duine naċ mé ḃí gan biaḋ gan deoċ gan airgead, ⁊ naċ maiṫ do sgaoil sé