Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/247

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
39
THE GAELIC JOURNAL.

níos doiċte ⁊ níos daingne ó lá go lá. Do ċuaiḋ cuid do ċloinn na béiṫe ⁊ do ṫroideadar leó ⁊ do ṁarḃadar iad, aċt níor ċuireadar go léir le ċéile, ’nuair ṫáinig cuallaċt eile ṫar lear arís ċum na tíre ar fad do ḃaint di. Troid an méid do ṫroid aca go cróḋa, aċt ḃi ceannairc ’n-a measg féin, i n-áit í ċaiṫeaṁ uaṫa, táṫaḋ le ċéile, agus aon lom-ḃuille aṁáin do ḃualaḋ i n-éinḟeaċt, ar an naṁaid, is aṁlaiḋ leigiodar do sleaṁnuġaḋ isteaċ eatorra; ar ṁóḋ gur gearr go ḃfuair é féin coṁ seasganta i seilḃ gur ḟógair orra gaċ béas ⁊ gaċ nós do ḃíoḋ aca do ṫréigion, ⁊ béasanna agus nósanna a naṁad do ġaḃáil ċuca ⁊ do ġlacaḋ go ceanaṁail. Ar dtús d’órduiġ go láidir dóiḃ gan focal de ċaint a máṫar do laḃairt leo go deó arís. Do réir áṁ agus rinneaḋ an fógra-sa d’ḟaisnéis, ’seaḋ is mó do ċeangladar ⁊ do leanadar dá dteangaiḋ ḋúṫċais. Fuaradar bás ag troid ar a son. D’éiriġ líne eile coṁ calma leo suas, ⁊ líne eile, ⁊ mar sin de. Ar an ḃfeaḋ-so níor stad an naṁaid riaṁ ná ċoiḋċe aċt ag síor-ráḋ leo ná raiḃ ’n-a gcaint aċt draḃlais ⁊ draḃġaoil: fá ḋeoiḋ do ċreid cuid aca do ⁊ cuid ’n-a ndiaiḋ-sin, ar ċuma uile naċ mór. Ṫáinig an oiread san náire uirri i ndeireaḋ ṫiar ṫall, gur beag nár ḃásuiġ sí; aċt leis an anam ḃí innti, do ṫeiċ sí léi féin go háitiḃ iargcúlaċa cois na fairrge i measg na bpoll agus na bpluaiseann, áit ’n-a ḃfuil sí anois ag gol ⁊ ag golán ⁊ ag á caoineaḋ fein i n-easḃaiḋ cuiṁinte a cloinne. Go doiṁin i nduiḃeaċt na hoiḋċe le n-a ḃfuil sí timċiollta, is clos do ḟo-ḋuine í ag glaoḋaċ go hairtinneaċ orra-so dá dtug tál a cíċe, teaċt ⁊ í ṡaoraḋ as an nguais in-a ḃfuil sí, ⁊ ó’n anḃás aiṫiseaċ atá i ndán di muna mbrostuiġid ċuici. Agus deiriḋ a clann go n-árdóċaid a máṫair arís gus an ionad ’n-a raiḃ sí sul ar ṡatail neaċ do luċt a léirsgris ar ḟód dá seilḃ riaṁ, ⁊ gan fios aca naċ féidir san do ṫeaċt ċum críċe go ḃráṫ, muna ndéanfaid díṫcioll anois—anois féin —anois díreaċ ar a húrlaḃra do gaḃáil ċuca ⁊ do ċleaċtaḋ. Ní léir dóiḃ go ḃfuil droċ-smaointe ⁊ olcas a náṁad ag dul go smior ionnta ċeana féin, ⁊ gur geárr eile nó go ndéarfaid naċ clann di féin i n-aon ċor iad. A leuġṫóir, an di siúd tusa? Má’s di, aṫċuingeann ort go dúlaiġṫe gan leigiont di imṫeaċt as an tsaoġal ⁊ é ar do láiṁ í ċoimeád ó’n mbás. Do ṡaorfá aon ḃé i gcontaḃairt aċt an ḃé seo—do ṁáṫair féin, ná saorfair í? Brostuiġ má’s eaḋ, brostuiġ. Is ro-ḟada di ag feiṫeaṁ. Ná fan aċt brostuiġ brostuiġ, brostuiġ.

Padruig O Laoġaire.



PROVERBS—MUNSTER.

Ní i gcóṁnuiḋe ḃíonn Doṁnall Buiḋe ḋá ṗósaḋ.
It is not always yellow Donal will be marrying.

Má ṗósann tú ’n-aon ċor, pós anuraiḋ.
If you marry at all, marry last year.

Drannaḋ madra nó gáire Sacsanaiġ.
The grin of a dog or the laugh of a Saxon

Bíonn caora ḋuḃ i dtosaċ uair éigin.
A black sheep is first sometime.

Ní ḃíonn treun buan.
Bravery is not lasting.

A anam féin ar gualainn gaċ aonne[iċ].
Each man’s soul on his own shoulders.

Maol guala gan bráṫair.
Bare (is) a shoulder without a brother. Woe to him who is friendless.

Mairg a ḃíonn a dtír gan duine aige féin.
Woe to him who has no friend in a country.

Is folláin é fear ’n-a ḋúṫaiġ.
A man is healthy in his own country.

Cad é an iongnaḋ bean ar meisge aċt spadallaċ fir!