Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/195

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
185
THE GAELIC JOURNAL.

19. Is garḃ mí ’na gcuaċ.

Rough is the month of the cuckoos (April).

20. Is liaiġ gaċ oṫar.

Every disease is a physician.

21. Ní luġa an ḟroig ’ná máṫair an uilc.

Not smaller is the fleshworm than the mother of evil.

22. Fear na bó féin faoi n‑a hearball.

The owner of the cow himself under her tail, that is, in asking others to help us out of our difficulties, ourselves ought to take the hardest part.




AN RÍ NAĊ ROḂ[1] LE FAĠÁIL ḂÁIS

(donegal folk-tale.)

Ḃí rí ann i ḃfad ó ṡoin ⁊ ḃí sé le ḃeiṫ beó ariam go n‑innseóċaḋ a ṁac féin sean-sgéal do. Ḃí sé pósta ar ṡeisear ban i ndiaiḋ a ċéile, aċt do ṁarḃuiġ sé alig an tsaoġal[2] iad, ar eagla go mbeiḋeaḋ páistíḋe ar biṫ aca. Lá aṁáin ḃí sé ag dul ṫart leis an ḃealaċ mór, agus a ṫiománaċ leis. Ċonnaic sé cailín ag niġeaċán i sruṫán le cois an ḃealaiġ ṁóir ⁊ ċuir sé an tiománaċ síos ag fiafraiġe di a’ bpósfaḋ sí é. ’Sé duḃairt sí leis an tiománaċ​—​“Stad do ċuid déanaṁ grinn ⁊ magaiḋ ormsa.” Ċuaiḋ an rí é féin[3] síos annsin ⁊ d’ḟiafraiġ ḋi a’ bpósfaḋ sí é. Duḃairt sí go bpósfaḋ; ⁊ pósaḋ iad ⁊ ṫug an rí ’na ḃaile í. Bliaḋain ’na ḋiaiḋ sin, ṫug an rí fá deara an tromas a ḃí ag éirġe innti, aċt leig sise uirri gur ḃ’é an biaḋ maiṫ a ḃí sí ag faġáil a ḃí ag cur an ḃisiġ sin uirri. Tamall ’na ḋiaiḋ sin d’iarr sí cead ar an ríġ, cuairt a ṫaḃairt ar a máṫair, ⁊ ṫug sé an cead sin di.

Ċuaiḋ sí aḃaile annsin ⁊ ní roḃ sí i ḃfad ’na ḋiaiḋ sin, ’nuair a ḃí mac óg aici, ⁊ ċeil sí é ar an ríġ, ar eagla go marḃóċaḋ sé é. Ċuir sí an páiste ar oileaṁain ⁊ ċuaiḋ sí ar ais ċum an ríoġ. Nuair d’ḟás an gasúr suas, ċuir a ṁáṫair ar scoil é, ⁊ ḃíoḋ sí ag taḃairt airgid dó, gan ḟios do’n ríġ, le leaḃairiḋe ⁊ neiṫe ċeannaċ dó. Ní raiḃ fios ar biṫ aige cia a aṫair ⁊ lá aṁáin ḃí sé gan airgiod, ⁊ ċualaiḋ sé iomráḋ ar an ríġ so go roḃ sé maiṫ le taḃairt uaiḋ airgid. Ċuaiḋ sé ionns’ ar an ríġ[4] ⁊ fuair sé é ar ṡuiḋeaċán san ġarrḋa, ⁊ d’iarr sé airgiod air. “An ḃfuil sean-sgéal ar biṫ agat le hinnsint daṁ?” ar san rí. “Ní’l,” ars an ḃuaċaill. “Maiseaḋ ní ṫiuḃra mise airgiod ar biṫ ḋuit,” ars an rí.

D’imṫiġ an t‑ógánaċ leis mar ṫáinic sé. Níor ṡiuḃal sé i ḃfad go ḃfacaiḋ sé páirc ṁór ⁊ mórán eallaiġ innti, ⁊ ṫug sé fa deara go roḃ na heallaiġ lom, boċt, gan feoil, giḋ go roḃ an féar suas go dtí na haḋarca orra. Nuair a ċuaiḋ sé gioḃta[5] eile, ċonnaic sé cuiḃreann talṁan ⁊ scota mór caoraċ ann, ⁊ ḃí siad raṁar, feolṁar, beaṫaiste, giḋ naċ roḃ an féar aċt go han-lom. Ṡiuḃal sé leis arís gur casaḋ air tobar uisge. Ḃí sé bric ag dul ṫart san uisge, ⁊ ceann aṁáin i lár báire naċ roḃ corruġaḋ. Ṡiuḃal sé leis arís, gur casaḋ air poll mór uisge i lár a ċasáin. Ḃí plainc trasna ar an ṗoll[6] ⁊ ḃí mada mór milteaċ duḃ, ar a roḃ slaḃra iarainn ceangailte, leaṫ-ḃealaiġ ar an ṗlainc. Nuair do ċuir an ḃuaċaill a ċos ar an ṗlainc, le dul tar an ṗoll, lúb sí síos san uisge, ar ṁoḋ go roḃ an t‑ógánaċ ar tí ḃeiṫ báiṫte, gur rinne sé é féin do ċoisreagaḋ, ⁊ ar an móimid d’éiriġ an ṗlainc cóṁ daingean le Gaigeán,[7] ⁊ léim an mada duḃ síos ’san ṗoll as a ḃealaċ. D’imṫiġ sé leis arís, ⁊ casaḋ air teaċ-ṗobuil, ⁊ ċuaiḋ sé isteaċ ann. Ḃí sagart ar an altóir ⁊ d’ḟiafruiġ sé an roḃ an duine annsin a ḋéanfaḋ Aifrionn a ḟriṫeólaḋ. Duḃairt an t‑ógánaċ go ndéanfaḋ seision é ḟriṫeólaḋ ⁊ rinne sé sin. Ṫáinic sé colmáin ġeala isteaċ ar an dorus, ⁊ ṡuiḋ siad ar ṗiléir go roḃ an tAifrionn ṫart, ⁊ annsin ċuaiḋ siad amaċ ar ais. D’imṫiġ an buaċaill amaċ as an tiġ ṗobuil arís, ⁊ fuair sé é féin i ngarrḋa áluinn breáġ

  1. Error: The pages tag cannot be used in the Page: and Index: namespaces
  2. Error: The pages tag cannot be used in the Page: and Index: namespaces
  3. Error: The pages tag cannot be used in the Page: and Index: namespaces
  4. Error: The pages tag cannot be used in the Page: and Index: namespaces
  5. Error: The pages tag cannot be used in the Page: and Index: namespaces
  6. Error: The pages tag cannot be used in the Page: and Index: namespaces
  7. Error: The pages tag cannot be used in the Page: and Index: namespaces