Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/166

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
156
THE GAELIC JOURNAL.

ḃios ag na guṫaiġiḃ greamuiġes da ċeile do ḃeiṫ aige do ṁeaḃair ionas go dtugaiḋ a m-brioġ agus a ḃfoġair fein doiḃ a n-gaċ ait a tteangṁaid air iad.

Then follow 14 pages of rules in the ordinary orthography

Kuno Meyer.



DOṀNALL Ó LAOĠAIRE AGUS NA MNÁ SÍḊE.

Amaċ san lá do ḃí Doṁnall agus a ṁáṫair ag iṫe lóin ḃig ḋóiḃ féin, agus cia ḃuailfeḋ isteaċ aċt duine muintire dar ḃ’ainm Seumus O’Maoilḋoṁna’, ag iarraiḋ iasaċt’ cléiḃ ċun rud beag leasuġaḋ do ċur amaċ.

“Bail ó Ḋia oraiḃ,” ar Seumus.

“Dia ’s Muire ḋuit,” ar siad araon. “Cionnus tá tú?”

“Druid síos ċun na teineaḋ,” ars an ḃean aosda. “Tá an lá fuar; do ḃí sioc aguinn aréir.”

“Do ḃí, am’ ḃaisteaḋ, aċt cia’n t-iongantas? Ná fuil an geiṁreaḋ orainn anois?”

“Ḃfuil aon sgeul nuaḋ agat, a Ṡeumuis?” ar Doṁnall.

“Ṁaisead, go ḃfóiriḋ Dia orainn! tá droiċ-sgeul agam, agus go deiṁin ní maiṫ liom é—tá leanaḃ Ṁiċíl Uí Ċonċuḃair marḃ.”

“Marḃ airiú! cia duḃairt é sin?”

Do ḃí mé ṡíos ag an tráiġ ó ċianaiḃ fa ḋéin teascáin ṁúraiġ, agus do ḃí Seaġán Buiḋe ann róṁam, agus is é d’innis dom an sgeul. Duḃairt sé go ḃfuair Miċeál an leanaḃ fuar le n-a ṫaoiḃ, ’nuair ḋúisiġ sé ar maidin. Do ḃí Seaġán ag an daḃaċ fa ḋéin ualaiġ ġainiṁ, agus ’nuair do ḃí sé ag teaċt tríd an “Leaċt,” do ḃí Miċeál agus a ḃean amuiġ ’san sráid ag lúiriġ agus ag béiciġ, agus na coṁarsain go léir bailiġṫe timċioll, agus truaġ an doṁain aca orra.”

“O, ḃó, ḃó! naċ mór an trioblóid do ṫuit ar na daoiniḃ boċta! Brisfiḋ Miċeál a ċroiḋe i ndiaiḋ an leanaiḃ, do ḃí sé ċoṁ ceanaṁail sin air. Go deiṁin is truaiġṁéileaċ an sgeul atá agat, a Ṡeumuis.”

D’ḟan siad annsan ag caint le ċéile ar feaḋ tamaill ḃig, aċt do ṡaoil an ḃean aosda go raiḃ sé ro-ḟada, mar do ḃí eagla uirre go gcuirfeaḋ an garlaċ liúġ as san tseomra, agus duḃairt sí le Doṁnall.

“Cuir do ċasóg ort agus buail síos ċu’ tiġe an ċuirp. B’ḟéidir go ḃfaiġeaḋ Miċeál gnó icínt ḋíot.”

D’éiriġ Doṁnall agus do ċuir sé é fein i gcóir, agus do ṫóg Seumus an cliaḃ, agus d’imṫiġ siad amaċ le ċéile.

Do ḃuail Doṁnall síos, agus ’nuair do ṫáinig sé ċun tiġe Ṁiċíl Uí Ċonċoḃair do ḃí an leanaḃ leagaṫa amaċ ’san ċliaḃán ’san ċistean, agus a ṁáṫair ag gul agus ag caoineaḋ ós a ċeann, agus na coṁarsain bailiġṫe isteaċ ċun an tóraiṁ. Níor leig Doṁnall aon rud air ar dtús, agus do ḃí an-truaġ aige le Miċeál, aċt tar éis tamaill do ċuaiḋ sé ċun na teineaḋ ag cur smeaċada ar a ṗíopa agus ’nuair d’iompuiġ sé siar aríst d’ḟeuċ se ar an “ngaisgiḋeaċ” ’san ċliaḃán, agus do ċuir se sgairt ġáire as agus annsan sgairt eile, ar nós gur ṡaoil na daoine ar fad go raiḃ dé imṫiġṫe as a ċiall. Annsan do ḃuail sé amaċ, agus do ḃí na daoine istiġ ag deanaḋ iongantais de’n rud dána do ḋein sé. ’Sé so an ċiall do ċuir Doṁnall an sgairt as: nuair d’ḟeuċ sé ar an gcliaḃán, ’sé an rud do ċonnaiċ sé ann—dreannaċán beag críonna agus feusógaiḋe fada air, agus a leaṫ-ṡúil osgailte ag faire ar gaċ uile ċor do ċuireaḋ Doṁnall as. Do ṡaoil na daoine eile gur ḃ’é leanaḃ Ṁiċíl Uí Conċuḃair do ḃí ann, aċt níor ṁar sin le Doṁnall. Do ṫáinig fearg ṁór ar Ṁiċeál boċt, agus duḃairt sé nár ṡaoil sé go ndeanfaḋ aoinne’ a leiṫéide sin do rud air—magaḋ do ḋeanaḋ faoi mar ġeall ar an trioblóid do ċuir Dia air—agus do