Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
12
THE GAELIC JOURNAL.

fios d’ḟáġail aon uair do ċogónfainn m’órdóg.

’Sé an tarna[1] guais is mó in a raḃas riaṁ ann, lá geiṁriḋ d’ar imṫiġeas liom ḟéin ó’n ċuid eile do’n Ḟéinn, ⁊ mé siuḃal trí ġleann, do ḃí sneaċta trom ar an talaṁ, ⁊ do ċonnac, sliġe ġeárr uaim, lorg gaisgiḋiġ ins an sneaċta. Do ċuaḋas ċuige ⁊ do ḃí iongnaḋ orm i dtaoiḃ a méid. Do cuireas cos liom[2] isteaċ ann, aċt níor líon sí an lorg. Do ċuireas mo ḋá ċois ann, ⁊ is ar éigin do líonadar é. Duḃart liom ḟéin naċ beinn sásda ċoiḋċe go ḃfaġainn raḋarc ar an ngaisgiḋeaċ mór. Do leanas rian a lorg ins an sneaċta go dtánag go boṫán ⁊ do ḃuaileas ag an ndorus. Do ċuir gaisgiḋeaċ mór a ċeann amaċ ⁊ aduḃairt.

“Cia h-é ṫusa, no cad do ṫug annso ṫú?”

‘Is mise Fionn Mac Cuṁaill,’ arsa mise, ‘agus do ċuir méad do lorg ins an sneaċta iongnaḋ mór orm, ⁊ ní ḃeinn sásda go dtiocfainn at’ ḟeiscint.’

‘Do ṫárla go maiṫ,’ ars an gaisgiḋeaċ, ‘mar táim teinn tuirseaċ ó ṡiuḃlóid ḟada do rinneas ag goid an ḃoláin ċíann tú marḃ annso ó ġaisgiḋeaċ buḋ ḋá ṁó ’ná mé féin,[3] ⁊ me ḟaġann sé amaċ cá ḃfuilim, gan aṁras maireoḃaiḋ sé mé. Imṫiġ-se ⁊ bain beart brosna go mbeireoḃmaoid ceaṫraṁ ḋe ḋúinn féin, mar tá ocras orm.’

‘Déanfad,’ arsa mise.

Do ġluaisiġeas[4] orm, ⁊ do rugas teud ⁊ tuaġ liom ⁊ do ḃaineas beart brosna ċoṁ mór ⁊ ab’ ḟéidir liom a ṫaḃairt ar mo ḋrom. ’Nuair a ṫánag ċum an tiġe, do ċaiṫeas i gcoinniḃ[5] an ḟala é, ⁊ do ḃaineas fuaim ⁊ foṫram as. Do ṫáinig an gaisgiḋeaċ mór ċum an doruis, ⁊ ’nuair a ḋ’ḟéaċ sé ar an ḃeart, aduḃairt sé le droiċ-ṁeas, ‘Cad é an fáṫ nár ṫugais níos mó ’ná sin leat?’

‘Níor ṫugas,’ arsa mise, ‘do ḃriġ go raiḃ deiṫneas orm.’

‘Beireoḃaiḋ sé bainne na gcaoraċ dúinn,’ ars an gaisġiḋeaċ.

‘Anois,’ ar seision, ‘suiḋ-se annso le h-ais na teineaḋ, ⁊ bí ag fáġail rod(a) éigin ollaṁ dúinn do íosfamaoid. Sínfead-sa annso ṫorm go fóil, ⁊ má ṫigeann aon tóir orrainn beir ar an ursul so atá ins an teine ⁊ sáṫaiġ an ceann dearg de i bpoll mo ṡróine, mar ní’l aon ċuma eile ar a ḃfeudfá mé ḋúiseaċt.’

Do ṡín an gaisgiḋeaċ ins an leabaiḋ, ⁊ ní fada ḃí sé ann ’nuair a ċuala-sa fuaim ṁór ċuġam, ⁊ do riṫeas ċum an doruis, ⁊ ní luaiṫe ḟosgaileas é ’ná do ṫainig isteaċ gaisgiḋeaċ buḋ ḋá ṁó ’ná é seo ḃí sínte ar an leabaiḋ. Níor leigeas-sa aon aimsir ṫorm, aċt do riṫeas ċum an ursuil, (⁊ do rugas air), ⁊ do ṡáiṫeas ċoṁ treun ⁊ dob’ ḟéidir liom é suas i bpoll ṡróine an ġaisgiḋiġ ḃí ’n-a ċodlaḋ; do ṫug an gaisgiḋeaċ léim as a leabaiḋ, ⁊ beirid an dá ḟear ṁór ar a ċéile. Ḃí drom duine ḋíoḃ i gcoinniḃ an ḟala ṫall, ⁊ drom an ḟir eile leis an ḃfala aḃus, ⁊ iad ag iarraiḋ a ċéile do leagaḋ. Faoi ḋeireaḋ do cuireaḋ an gaisgiḋeaċ ḃí ’n-a ċodlaḋ ar a ġlún, ⁊ do ṫáinig eagla ormsa go maireoḃfaiḋe é, ⁊ mé ḟéin le n-a ċois. Do rugas ar an tuaġ ⁊ do ċromas ar staiġriḋe do ḋéanaṁ suas a ḋrom. Do ġearras an ċeud staiġre ar ċolpa a ċoise, ⁊ an tarna staiġre ar a ṫóin, ⁊ do árduiġeas an tuaġ, ⁊ do ḃuaileas an gaisgiḋeaċ i bplaic a ṁuinéil, ⁊ do leanas d’á ḃualaḋ ar feaḋ tamaill ṁóir. Is geárr go raiḃ sruṫ fola ag riṫ leis an ngaisgiḋeaċ ⁊ go raiḃ sé dul i luige, ⁊ do ṫuit sé ar ġlún leis (ar ċeann d’a ġlúiniḃ). Do éiriġ sé arís, ⁊ do ḃuail sé mise suas i gcoinniḃ an taḋḃáin (taoḃáin.”)

Do éistiġ an ḃean leis an sgeul go foiġneaċ go dtí sin, ⁊ aduḃairt sí, “Míoċrom (míoċoṁṫrom?) ort! Cá n-a ṫaoḃ go ndeaġais[6] ar a ḋrom?”

Do ṗreab Fionn ’n-a ṡuiḋe ⁊ aduḃairt, “A Ḃearċáin, do rinnis feall orm; do ġeallais naċ béiḋeaḋ aon ḃean ag éisteaċt

  1.  
  2.  
  3.  
  4.  
  5.  
  6.