We shall be glad to hear from our correspondents the various words in use for cousins, first, second, third, etc.
Our next number will contain an article, of the greatest interest, on the names of the various seasons, by the writer of the Cú-anmanna.
GAELIC OF WEST MUNSTER.
J. H. LLOYD.
GAEDHEALG IARTHAIR CHUIGE MUMHAN.
Seo sgeul do ċuala Pádraig O Briain atá anois n-a ċoṁnaiḋe i mBaile-áṫa cliaṫ, ⁊ é ’n-a ġarsún no ’n-a ġárlaċ an tráṫ do ċuala sé d’á innsint é. Do h-iarraḋ air seo sean-sgeul do innsint ós coṁair ċoiṁṫionóil áiriġṫe de Ċonnraḋ na Gaeḋilge i mBaile áṫa cliaṫ. Duḃairt sé go n-inneosaḋ, ⁊ ’nuair a ṫáinig an t-am do innis sé é seo leanas, ⁊ gan aon agó do ṫaiṫin sé go h-an-ṁór le gaċ n-aon dá raiḃ san t-seomra, ⁊ ṫar bárr go mór-ṁór liomsa. I ḃfoclaiḃ an sgéil féin, duḃairt liom ḟéin naċ beinn sásda ċoiḋċe go ḃfeicfinn é i gcloḋ. D’a ḃriġ sin do ċeapas gur ċeart dam iarraċt do ṫaḃairt ar a sgríoḃaḋ síos, ḋá leigfiḋe ḋam é. D’a réir sin ḋo ċuaḋas ag triall ar an sgeulaiḋe i riṫ na Nodlag, ⁊ an smuaineaḋ sin ar m’aigne, ⁊ do ḟiafruiġeas de an leigfeaḋ sé ḋam an sgeul do sgríoḃaḋ síos. ’Sé an freagraḋ ṫug sé orm, mar is gnáṫaċ leis i gcoṁnaíḋe ’nuair iarraim éinniḋ air, go leigfeaḋ ⁊ fáilte. Do ċionn an ċeada sin, do sgríoḃas síos é díreaċ mar do innis an Brianaċ ḋam é, ⁊ mar tá sé annso.
Is fiosaċ do’n ċuid is mó de luċt an Ċonnarṫa ċoṁnuiġeas i mBaile Aṫa Cliaṫ gur i n-aṫċoimireaċt do’n Sgibirín do rugaḋ ⁊ do beaṫuiġeaḋ Pádraig O Briain. D’a ḃárr soin is i gcanaṁaint iarṫair Ċúige Muṁan innistear an sgeul so. Tá toġa gaeḋilge d’a laḃairt ins an dúṫaiġ sin fós, ⁊ b’ḟéidir naċ tiuḃrainn m’ éiṫeaċ dá leoṁainn a ráḋ naċ ins an Eaċtra beag so do ġeoḃmaoid aon ċuid, dá laiġead é, de ḋíoġa na Gaeḋilge.
Bíoḋ a ḟios agaiḃ, a léiġṫeoiriḋe, nár sgríoḃ an Brianaċ focal féin de’n sgeul, aċt gur innis é, ⁊ is é siúd is fáṫ leis na foclaiḃ céadna ḃeiṫ d’a n-aṫráḋ annso ⁊ annsúd. ’Nuair a ḃí sé aiṫsgríoḃṫa agamsa do ṫaisbeánas do é, ⁊ ṫar éis do é léiġeaḋ, do ċeartuiġ sé a dó no a trí d’ ḟoclaiḃ de.
Ní fuláir dam a ráḋ mar an gcéadna go ndeárna an sgeulaiḋe mion-aṫruġaḋ ar ḃeagán de seo leanas ⁊ é d’a innsint ós coṁair an ċoiṁṫionóil, aċt is díreaċ mar do ċuala sé féin é atá sé innste aige annso.
EAĊTRA AR ḞIONN MAC CUṀAILL AGUS AR ṀNAOI ḂEARĊÁIN.
’Nuair a ḃí Fionn MacCuṁaill ag dul in aois,[1] do airiġ[2] sé é féin ḃeiṫ ag dul i luige,[1] ⁊ duḃairt sé lá de na laoṫantaiḃ go raiḃ a ċloiḋeaṁ ró-ṫrom dó le h-iomċar, agus gur ḃ’éigean dó rud éigin do ḃaint de. Beagán de laoṫantaiḃ ’n-a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ sé ag triall ar[3] ġoḃa ḃí ’n-a ċoṁnuiḋe i ngar do darḃ’ ainm Bearċán ⁊ aduḃairt sé:—
“A Ḃearċáin, tá mo ċloiḋeaṁ ró-ṫrom dam anois, ⁊ buḋ ṁaiṫ liom go dtógfá beagán de, no go ndéanfá ḋá ċloiḋeaṁ de ḋam; mar ní ’lim, do réir nádúire, ċoṁ láidir a’s do ḃíos fiċe bliaḋain ó ṡoin.”
“Déanfad go deiṁin,” arsa Bearċán, “aċt go ’neosfaiḋ tú sgeul dam an ḟaid do ḃeiḋead ḋ’á ḋéanaṁ.”
“’Neosfad,” arsa Fionn, “Ar ċoinġíoll naċ beiḋ aon ḃean ag éisteaċt liom.”
“Tá go maiṫ,” arsa Bearċán, “Ní ḃeiḋ, geallaim duit.”