d’ar ḃ’ainm Ḋoṁnall Ua Laoġaire. Buḋ buaċaill breaġ láidir é, agus do ḃí na daoine go léir ar fúd na háite an-ḃuiḋeaċ do agus an-ċeanaṁail air, mar ba coṁarsa ṁaiṫ é, agus leis sin, do ḃí sé croiḋeaṁail, fearaṁail, séiṫṁéalta. Ní raiḃ loċt ar biṫ ag a ṁáṫair air aċt aon loċt aṁáin, agus go deiṁin agus go dearḃṫa níor ḃ’fiú tráċt air sin. Do ḃí dúil ṁór aige ’sa ḃeiṫ amuiġ ’san oiḋċe ag láṁaċ coiníniḋe le solus na gealaiġe ’san daḃaċ mór atá ar ḃruac na fairge ag síneaḋ siar ó’n “Leaċt” ċu’ Droiċid Uí Ḃriain, agus do ḃíḋeaḋ a ṁáṫair maidin agus tráṫnóna ag gearán agns ag cannrán mar ġeall air sin, mar do ḃí eagla a croiḋe uirre go gcasfaḋ na daoine maiṫe nó an “Cóiste Boḋar” ar Ḋoṁnall oiḋċe icínt ’san daḃaċ. Aċt ní raiḃ toraḋ an ṁadraiḋ ag Doṁnall ar a cuid ċainte agus ní ḃíḋeaḋ sé aċt ag deanaḋ magaiḋ fúiṫe, mar ní ċuirfeaḋ “an deaṁan nó Doċtúr Fostar” eagla air. Deireaḋ sí annsan, “lean díot, a ḃiṫeaṁnaiġ; tá tú ag deanaḋ magaiḋ fúm-sa anois, aċt b’ḟéidir sul do ḃeiḋeaḋ an ḃliaḋain so caiṫte naċ mbeiḋ tú ċoṁ suairc sin. Mo ḋíoṫċair! is deacair na sean-ḟocail do ṡárúġaḋ—‘biḋeann ceann caol ar an aos óg’—agus tá ceann caol ort-sa a Ḋoṁnaill.”
Ḃí go maiṫ agus ní raiḃ go holc, agus aon Oiḋċe Ṡaṁna aṁáin do ḃí Ḋoṁnall amuiġ, mar buḋ ġnáṫaċ leis, ag tóruiġeaċt ar na coiníniḋiḃ. Ba oiḋċe ḃreaġ ġealaiġe í agus ní raiḃ gal gaoiṫe ná torann ar biṫ eile amuiġ aċt aṁáin crónán na fairge ar an tráig, nó anois agus arís fead géur na ḃfeadóg ós a ċionn. Do ṡiuḃail sé suas agus anuas agus ṫart timċioll an Daḃaig, aċt ní raiḃ an t-áḋ ar a ċuid saoṫair an oiḋċe sin. Ní ḟaca sé coinín ar biṫ nó aon niḋ eile, agus do ḃí sé ag teaċt aḃaile, sáruiġṫe agus tuirseaċ go leór, ag deanaḋ ar an mbuille ’ċlog, agus cad do ċonnaic sé amaċ roiṁe ar an mbóṫar aċt beirt ṁná agus iad “ag siuċam-seaċam” le ċéile. Do ṫáinig iongantas air ’nuair do ċonnaic sé na mná gan aon ḟear ’n-a ḃfoċair ag deanaḋ cuideaċta leo, agus duḃairt sé leis féin, “Naċ déiḋeanaċ atá síad amuiġ. Ní ḟeadar ’ḃfuil aon duine marḃ ’san gcoṁarsanaċd anoċt! B’ḟéidir gurab as an tóraṁ atá siad ag teaċt; aċt beiḋ ’ḟios agam-sa lom láiṫreaċ, agus má tá, raċaiḋ mise tamall beag ’san tóraṁ.”
Do ḃí siad breis agus míle go leiṫ ó’n “Leaċt” an t-am so, agus do ṡaoil Doṁnall go mbeiḋeaḋ se suas leo sul do ḃeiḋeaḋ ceaṫraṁa ṁíle eile siuḃailte aca. Do ċorraig sé suas annsan, agus do ḋein sé a ḋíċioll ċun teaċt suas leo, aċt ċiḋ gur ċuir sé deaḃaḋ mór air féin, níor ḃuaiḋ sé coiscéim ar na mnáiḃ. Do riṫ sé annsan, mar níor ḃ’ait leis ḃeiṫ buailte ar fad, act buḋ mar a ċéadna é—ḃí na mná ċoṁ fada uaiḋ a’s do ḃí síad ar dtús. Annsan do ṡeas sé suas ar an mbóṫar, agus do ċuiṁnig sé air féin. D’ḟeuċ sé go géar ar na mnáiḃ arís, agus do ṫúg sé faoi ndeara naċ ag siuḃal do ḃí siad, aċt ag imṫeaċt ós ceann an ḃóṫair mar scáile lá Márta. “Am’ ḃaisteaḋ,” ar Doṁnall, “tá mé cínnte naċ leis an saoġal so na mná úd i n-aon ċor; is leis na daoine maiṫe iad, agus atá gnó icínt ceapuiġṫe amaċ aca anoċt, mar is Oiḋċe Ṡaṁna í so. Tá siad ag deanaḋ ar an Leaċt anois, aċt beiḋ mise láiṫreaċ nó ní Doṁnall m’ainm. Tá siad so ag dul ṫimċioll aċt raċaiḋ mire trasna, agus beiḋ mise ann níos luaiṫe ’ná iad.” Leis sin do léim sé ṫar an gcloiḋe do ḃí ar ṫaoḃ an ḃóṫair, agus síos leis ċun an tráig, agus annsan do riṫ sé mar an gearrḟiaḋ, agus níor stad sé go dtáinig sé go dtí an “Leaċt.” Do ċuaiḋ sé i ḃfolaċ taoḃ ṡiar de ċrompán mór giuḃaise do ḃí ag seasaṁ suas le cruaċ ṁóna, i n-áit ’n-a raiḃ cor ’san mbóṫar, ar nós go mbeiḋeaḋ raḋarc suas agus anuas aige. D’ḟan sé annsan go ciuin socair, gan cor as, ag feiṫeaṁ ar na