Page:Irishliterature10mcca.djvu/112

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

3784

"Is fíor sin." ar san ceann, "dá dtéidhinn suas ar an gcolainn arís, a raibh i n-Eirinn ni bhainfeadh siad anuas mé!"

"Is dona an ghaisgidheacht do rinne tú nuair bhí tu shuas!"

Tháinig sé abhaile [agus ceann an fhathaigh ann a láimh] agus dubhairt an t-oncal go raibh trian d'á inghin gnóthaighthe aige.

"Ni buidheach díot-sa tá mé, a bhodaigh," ar sé.

Ghabh sé asteach ann sin go dti a chailin mná féin, agus chuir si biorán suain ann a cheann arís go d' éirigh an la. Bhi dólás mór air nuair nach raibh cead cainte aige léithe go maidin. [Nuair dhúisigh sé ar maidin dubhairt si leis] "ta fathach eile le marbhadh agad, sin d' obair andiú ar son inghine m' oncail arís."

Chuaidh sé chum na coille, agus thainig an fear mór roimhe. "Fud, fad, féasóg! mothaighim boladh an Eireannaigh bhradaigh bhréagaigh ar fud m' fhóidín dúthaigh!"

"Ni Eireannach bradach ná bréagach mé, acht fear le ceart agus le cóir do bhaint asad-sa."

"Cia fearr leat, caraigheacht ar leacachaibh dearga na gabhail de sgeannaibh glasa i mbárr easnacha a-chéile?"

"Is fearr liom-sa caraigheacht ar leacachaibh dearga, 'n áit a mbéidh mo chosa míne uaisle i n-uachtar, agus do spágá mío-stuamacha ag dul i n-íochtar."

Bhi siad ag troid ann sin gur chuimhnigh mac righ Eireann nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige. Leis sin thug sé fásgadh do'n fhathach go dti na glúna, agus an dara fásgadh go di an basta, agus an tríomhadh fásgadh go dti meall a bhrághaid 'san talamh.

"Fód glas os do chionu a fhathaigh!"

"Is fíor sin, is tu an gaisgidheach is fearr d'á bhfacaidh mé riamh no d'á bhfeicfidh mé choidhche. Agus bhéarfaidh mé scóide mac-righ agus tighearna dhuit, acht spóráil m'anam."

"Do sheóide i láthair a bhodaigh!"

"Bhéarfaidh mé each caol donn duit, bhéarfas naoi n-uairc ar an ngaoith roimpi, sul mbeiridh [sul do bheir] an ghaoth 'na diaigh aon uair amháin uirri."

Thóg sé an cloidheamh agus chaith sé an ceann dé, agus chuir sé naoi n-iomaire agus naoi n-eitrighe uaidh é le neart na buille sin.

"Ochón go deó?" ar san ceann, "dá bhfághainn dul suas ar an gcolainn arís, agus a bhfuil i n-Eírinn ni bhéarfadh siad anuas mé."