Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
60
IRISH MINSTRELSY.

A Shíle na g-comann ná fullaing mé b-pian,
Foír air mo ghlasaibh ’s air mo dhanaid má fhéudair,
Ná foíghdigh me am stracadh eadar ghasraidh diabhal,
Mo shúil leis a g-comhnudhe, ’s gan gnódh dhamh d’á
iarradh.
Tá mo dhóich-sa le Peattar go scarrfar an bháb
leis an leídhce-si, a dhealbh nach áit leis na mnáibh;
Má luadhadh leis mar chéile í ní’r réidhtigh sé a cás,
An Galla-phoc malluighthe stracfamaoíd a adharca,
A’s cuirfeam bodaich chum sodair as Shíle n-í Ghadhra.

Is mór an chúis éad’ domh, gach lá ’n-uair a smuaíním
Air ghruagach neamh-bhéusach, neamh-aérach,
neamh-aoíbhinn,
Gan shubhailce, gan thréighthe, gan fhéile gan chaoíneas,
Acht ag fuadach’ mo chéile ’gus d’á h-éigean air
choílltibh:
’S me an druídhe is óige ’s is seine ’s an d-tír,
’S mé phógfas an óig-bhean agus tiocfaidh sí línn,
’S í thógfas an smóit-si an tuirse dhe’m chroídhe,
An óigh mhilis, chiúin, táis mar a luaidhtear ag
laoíseach,
Agus pósfadh mo chailín le cathaoír gan aoímhreas.7