Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
58
IRISH MINSTRELSY.

Ciab’é chídhfeadh an sár-fhear, breágh, áluinn, an Maior,
Air ghillín ag ceáfradh, go stáitmhear chum scléipe,
Le n-a chloídheamh leathan, láidir, ’n a láimh-dheas a’s
faobhar air,
Ag fuascailt na mná úd, ’s dá grádhchann le Séurlas,
Ca bh-fuil tú a Sheurlais? ná dean-si aén mhaíll!
Díbir tar tréun-mhuir, go h-éascaidh na Gaíll,
Bain fuaim as gach bréan-phoc, a’s séid suas an adharc;
Suas leis na ceóltaibh, go módhmharach meadhrach,
Ag triall chum do Phósda-sa, a Shile n-í Ghadhra!

Tá fásach ’n a slaodáibh, air shleibhtibh ’sair mhaoíling,
Agus bínn-ghuth na n-éunlaith, air ghéugaibh ’s a
n-oídhche;
Le dian-theas na gréine, bídh’ an chraobh glas ’s an
ngéimhreadh ann,
’S nach breágh deas tá Phoébhus, ag séideadh chuid
soíllse.
Preabaidh a n-aéinfheacht, an méud-si Shíol m-Briain!
Leanaidh a chéile, agus féuchaidh bhur d-triath!
Machtnaigh air ghéur-ghoin, bhur g-céusadh le cian!
Shíol na bh-fear g-calma, leanaigh bhur léid-fhear!
Ag feóil-choscairt bodaich, as Fódhla-chlár Eibhir!