Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/68

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
56
IRISH MINSTRELSY.

Sin teachtaire tráthamhail, gan spás chum an Maioir,
Go scríobhfad go fáith-ghlic, chum árdaibh na h-Eirean;
Gach filidh, gach fáigh glic, gach sár-fhear d’á thréineacht,
bheith bailighthe an lá úd, air árd Leasa-gréine;—
Punch is fíon croidhearg, d’a thaoscadh mar shaíghiott,
Drumadha d’á b-pléuscadh, d’á ngréasada chum síege;
Seúrlas ceannféadhna bh-fear Eirean gan mhaíll,
Mac Ui’bhriain Ara, go calma meadharach
Ag triall chum do phósda-sa, a Shíle n-í Ghadhra.

Ar luachann a grádh-geal, go h-áluinn le Síle,
Chualadh a gáire, air árd na d-trí ríoghacta;—
Chualadh ’s an Spáinn í, le h-áthas d’á ínnsin,
Chualadh san iottáil í, ’gus air árd bhailte laoísich,
Chualadh í n-Eirinn, le féile d’á mhuídheamh,
Go g-cuirfídhe na Gaodhail bhocht’, ’na réim-cheart
arís,
Nach biadh Sí na straédh bhocht, idir mhéirlich mar
bhídh,
Go d-traéchadh sí Galla, an aicme gan bhéusa,
’S go b-pósfadh sí a cara, le dlígh cheart na Cléire.