Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/252

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
240
IRISH MINSTRELSY.

Mar a n-glaodhadh an fhuiseóg mhoch,
Do chleir ag canadh na d-tráth,
Ní fhuil teangadh ag corruídhe anois,
Acht teangadh ghliogair na g-cág.

Tá do phroínnteach gan bhiadh,
Do shuan-lios gan leaba bhláith,
Do thearmoinn gan íodhbairt cliar,
Ná aithfrionn do Dhia ’g á rádh,

D’imthigh do luaim a’s do riaghail,
A’s do chualacht fá chian cháidh,
Och! ní fhionnaim anois fa’ iadhadh
Acht cárnán criadhta cnámh.

Och! anfhorlann a’s an-uaill,
Anbhroid, an-uais agus aindlíghe,
Fóirneart namhad a’s creachadh cruadh
D’ fúig uaigneach tú mar taoír!

Dobhídh-sa féin sona seal!
Faraoír do chlaochloidh mo chlódh!
Thaínigh tóir an t-saoghail a’m aghaidh,
Ní’l feídhm orm acht brón!