Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/250

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
238
IRISH MINSTRELSY.

Fotharach folamh, gan áird,
Arus so is aésda túr,
Is iomdha easgal agus gaoth,
Do bhuail fá mhaol do mhúr.

Is iomdha fearthainn agus fuacht,
Agus stoirm cuain do chuiris dhíot,
O tíodhlaiceadh thú air d-túis,
Do rígh na n-dúl mar thígheas.

A mhuir naomhtha na m-beann n-glas,
Do b’órnáid do’n tír-so tráth,
Is diombáidh dian liom do scrios,
Agus cur do naoímh air fán!

Is uaigneach ataoír anois!
Ní fhuil ionnut córaídhe ná ceól,
Acht sgréuchadh na g-ceann-cat
Ann ionad na psailm sógh’ail!

Eídheann ag eascar ós do stuaigh,
Neanntóg ruadh a’d úrlár úr,
Tabhthann caol na seannach seang,
A’s crónán na n-eas a’d chlúid,