Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/248

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
236
IRISH MINSTRELSY.

Do stad mé ’s an n-dorus t-sean,
’N ar ghnáith almsanna a’s aoídheacht,
D’á n-dáil do’n lobhair agus do’n lag,
An tráth mhair luchd an tíghe.

Bhídh forradh fiar air a thaobh,
Is cian ó cuireadh a chlódh,
Air a suigheadh saoíthe a’s cliar,
A’s taistiollaich thriallta an roíd.

Shuidh mé síos le machtnamh lán,
Do léigeas mo lámh faoí m’ gruadh,
Gur thuit frasa diana déur,
O’m dhearcaibh air an bh-feúr anuas.

A dúbhairt mé annsin fá dhíth,
A’s mé ag caoídh go cúmhach,
Dobhídh aímsir ann ’n a raibh,
An teach-so go soilbh, súbhach.

Is ann dobhíodh cloig a’s cliar,
Dréuchda a’s diadhachd d’á léughadh,
Córaídhe, ceatal agus ceól,
Ag moladh mórdhachda Dé.