Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/242

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
230
IRISH MINSTRELSY.


MIANNA PATTRUICC UI EALAIDHE.




Dá bh-faghainn-si mo mhianna do riar,
A’s cead cairte mo shaégail do shúidheamh,
Do bheídhinn mar an d-triath shéanaidhe, liath,
Gan cheangal le h-aén duine acht síth:
Dhéanfadh acra beag fearainn nó dhó,
Mo réim a g-céim mar budh chubhaidh;
Do mheasfainn mo fhlaitheas gur mhór,
’S budh chlaon liom bheith ag géilleadh do’n rígh.

Mo phaiste beag fearainn ba mhéith,
Le raínn de gach príomh-thortha b’feárr,
Gan teacht air fearthainn ná gaoth,
Acht cuimseacht gach síne ’n a h-ám:
Budh líonmhar a’m bhrúighin bheag gach nídh,
Ba tairbheach an taithneamh ’n a m-béidheadh;
Do b’aoíbhinn clos fuíghe mo thíghe,
’S na leabhair a ccómhaitios gach laé.