Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
12
IRISH MINSTRELSY.

Eire.—A thréun-dair ’s a chumainn, ná tréig-si do mheisneach,
Gídh shéunadar cuid de’d bhuídheann thú,
Beidh an t-é rinne an chruinne, taobh leat a’d choimirc
O bhaeghal a’s ó bhroid do naímhde;—
Beidh faébhar agus fuil, beidh éirleach a’s teinidh,
Air chraosmhuir ag teacht a’d choímhdeacht
Ag Clément ’s ag Philib a’s Naples gan time
A’d chaomhnadh ’s a’d choimirc choídhche.

Seam.—Géilim gur tú, mo chéile a’s mo chuid,
’S a’d éugmais go bh-fuilim claoídhte
’S gach tréun-churadh a ngoil, do traochadh air muir,
’S do céusadh le comann díleas,
Chum mé agus tú, ar g-cléir a’s ar g-cloig,
’S gach laoch mear de chineadh Mhíleadh,
Bheith ’na n-aol-bhroig gan time, ag pléireacht ’s ag
seinneadh,
Caol-chruit le milis laoíthe.

Eire.—Ní’l baéghal ort anois, ta aon-mhac na cruinne
’S ar naomh-bhroingeal mhilis taoibh leat;